Scéim bhallraíochta An Droichead
A chairde, tá An Droichead ag toiseacht scéim bhallraíochta le hairgead a bhailiú agus le buntáistí a sholáthar dár mbaill.
Is tionscnamh bailithe airgid é seo atá curtha le chéile ag Coiste bainistíochta An Droichead Teo ar mhaithe le háiseanna a thógáil le go dtig linn cur le himeachtaí agus seirbhísí s’againn, agus chun rud éigin a thabhairt ar ais dóibh siúd atá chomh flaithiúil sin go bhfuil siad toilteanach iad féin cur le dul chun cinn ár n-eagraíochta.
Tá cárta ballraíochta déanta againn a bhéarfaidh lacáistí agus margaí speisialta ort nuair a théann tú chuig siopaí/bialanna/ostáin ar bpairtneirí, chomh maith le 20% as an táille do gach turas, cúrsa nó imeacht de chuid An Droichead.
Mar chúiteamh tá muid ag iarraidh ar ár mbaill síntiús £10 a íoc dúinn achan mhí, mar dhóchar díreach. Cliceáil anseo* le do thoil chun foirm a íoslódáil, agus ná bíodh léisc ort roimh dhul i dteagmhail le Pól, Jim nó Claire le tuilleadh eolais a fháil.
Tá pleananna uaillmhianacha ag An Droichead le soláthar teanga agus cultúr na nGael a leathnú amach i ndeisceart agus oirthear Bhéal Feirste – bhí an t-ádh linn go dtí seo pobal úsáideoirí chomh mór agus chomh dílis seo a bheith againn, agus is ag brath oraibhse arís atá muid chun dul chun cinn amach anseo.
Bí linn, bí i do bhall d’An Droichead.
Le meas mór agus buíochas,
Seán Hayes, Cathaoirleach An Droichead Teo.
(*TÁ SÉ TÁBHACHTACH GO GCUIREANN TÚ AN FHOIRM AR AIS CHUGAINNE, NÓ GO GCUIRFIDH TÚ IN IÚL DÚINN GO BHFUIL SÉ CURTHA CHUIG AN BHANC AGAT, LE GO DTIG LINN DO CHÁRTA A CHUR CHUGAT)
Coinníollacha na scéime:
- Is é an ciall atá leis na téarmaí “Ballraíocht” agus “Baill” ná ballraíocht de “Scéim Bhallraíochta An Droichead”;
- Is ionann úsáid an chárta agus glacadh le gach téarmaí agus coinníollacha;
- Ní mór an cárta a thaispeáint roimh aon rud a cheannach chun an margadh a fháil. Más ag cur rud éigin in áirithe atá tú caithfidh tú do chuid ballraíochta a lua agus an cárta a bheith leat nuair atá tú ag íoc.
- Cuirtear na margaí seo ar fáil do bhaill scéim bhallraíochta An Droichead amháin, go dtí 31/12/12;
- Ní thig aon airgead a fháil ar ais leis an chárta;
- Tá sé de chead ag gach comhpháirtí den scéim téarmaí a margaí a athrú ag am ar bith. Cuirfear gach athrú in iúl do bhaill trí androichead.com;
- Déanfar cártaí 2013 a eisiúint do gach ball atá go fóill ag íoc sintiúis s’acu, Mí Eanáir 2013.
Comhpháirtithe agus margaí
(cliceáil ar na híomhánna le dhul go dtí suíomh an chomhphairtí):
Is bialann ghnóthach, iontach í Fáilte a osclaíodh i Lúnasa 2010 agus a chuireann eispéireas bia den scoth ar fáil. Tá sé suite ar Bhóthar na bhFál, uimh. 145-147, i lár na Ceathrún Gaeltachta, agus níl sí ach bomaite amháin ar shiúl ón mhótarbhealach agus ó lár na cathrach.
Taobh istigh den dá bhliain a chuaigh thart ainmníodh Fáilte mar an bhialann is fearr i mBéal Feirste ar Facebook, bhain sí duais Ghnó Bhéal Feirste le Foras na Gaeilge, agus thug ‘Scores on the Doors’ de chuid Chomhairle na Cathrach cúig réalta di mar geall ar a mhaitheas ó thaobh sábháilteacht agus sláinteachas bia.
Tugtar do dheoch féin chuig Fáilte, agus tá sí lán-cheadúnaithe.
Bricfeasta óna 9rn achan lá; margadh lóin 12-4 Luan-Aoine; biachlár tús oíche 4-6 Luan-Déard; A la carte óna 4in achan lá. Cuir scáirt ar 02890 243846
Margadh: Deoch* saor amháin do gach duine** atá ag ithe. *Deochanna boga, buidéil Budweiser agus gloinní fíona san áireamh. **Uasmhéid ceithre dheoch saora d’achan bhéile
Oideas Gael.

Is soláthraí cúrsaí Gaeilge agus imeachtaí cultúrtha iad Oideas Gael, a bhfuil na céadta duine ag freastal orthu achan bhliain ó bunaíodh iad i 1984. Aidhmeanna s’acu ná:
• Freastal a dhéanamh ar dhaoine fásta maidir le foghlaim, cleachtadh agus feabhsú na Gaeilge; • Páirt a ghlacadh i saol na Gaeltachta; • Litríocht agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn; • Ceangal caradais a neartú idir Gaeil ar fud an domhain; • Caidreamh idir muintir na Gaeltachta agus pobal na hÉireann uilig a chothú tríd an Ghaeilge; • Daoine de gach cúlra cultúrtha, creidimh agus polaitiúil a thabhairt le chéile trí mheán naGaeilge.
Margadh: Lacáiste 15% ar tháillí cúrsaí
Tá Beár Ghort an Fhraoigh (Hatfield Bar) níos mó ná 138 bliain d’aois, agus tá idir na chéad suiteacha beáir agus síleálacha ornáideacha ann – is ceann de na cúpla beár traidisiúnta Éireannacha é i mBéal Feirste nár athraigh an saol nua-aimseartha é. Is ceann de na beáir is gnóthaí sa chathair e fosta, agus siamsaíocht bheo ar siúl achan oíche ann.
Is cinnte gur cuid den saol nua-aimseartha úd é an síneadh úr dá gcuid, An Céimí (The Graduate) Beár, Bialann, Caifelann, atá ar na háiteanna bia agus dí is déise i nDeiceart Bhéal Feirste: atmaisféar sásúil sócúil le bia agus feisteas tarraingteach nach bhfuil a sárú ann.
Margadh:
1. Buidéal dea-mhéine d’fhíon súilíneach Campo Viejo d’achan tábla le 6 duine nó níos mó;
2. Bain sult as gloine fíona dearg, geal, nó rosé saor in aisce nuair a fhaigheann tú dhá chúrsa ónár mbiachlár A La Carte menu, Luan go dtí Satharn. Deochanna eile atá ar fáil ná buidéal Coors Light, Grolsch, Blue Moon, nó Coca Cola. Deoch amháin do gach duine atá ag ithe, uasmhéid ceithre dheoch d’achan bhéile. Ní thig margaí do bhaill a úsáid ag an am céanna le margadh ar bith eile. Is gá áirithint a dhéanamh, cuir rphost chuig info@thegraduatebelfast.com nó cuir scairt ar 028 9023 8825 agus abair cén margadh atá tú ag iarraidh
I 1983 a osclaíodh siopa leabhar Gaeilge Bhéal Feirste, An Ceathrú Póilí, agus tar éis saol a bhí fánach go leor, d’aimsigh sé baile buan nuair a bunaíodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, i 1991. D’fhás an siopa i dteannta phobal labhartha na Gaeilge i mBéal Feirste agus sna sé chontae agus is é ceann den bheagán leabharshiopaí neamhspleácha é a mhair fad le haois seo an tsiopashlabhra.
Inniu, coinníonn an siopa an réimse is leithne, cuimsithí leabhar agus áiseanna Gaeilge sa Tuaisceart, mar aon le rogha teideal Béarla ar ghnéithe éagsúla de shaol na hÉireann.
Margadh: Lacáiste 10% ar achan rud
Ag Premier Inn ar bith gheobhaidh tú an fháilte is flaithiúla, an luach is fearr agus scoth na seirbhíse. Bíonn áiseanna don lucht míchumasach ag gach Premier Inn, chomh maith le seomraí teaghlaigh atá mór agus compordach, agus bialanna inmheánacha inacmhainne le réimse leathan de bhia mhaith. Tá achan ghné thábhachtach ag Premier Inn Bhéal Feirste, Lár na cathrach (Sráid Alfred): páirceáil ar shuíomh, ardaitheoir agus aerchóiriúchán, agus tá sé cóngarach do na modhanna taistil uilig – míle ar shiúl ó stáisiún bus agus traenach Europa, dhá mhíle ar shiúl ón teirminéal farantóireachta, agus gan ach turas ceithre mhíle go dtí Aerfort Chathair Bhéal Feirste. Níl ann ach siúlóid chúig bhomaite go dtí An Droichead fosta! Roinnt rudaí áitiúla eile ar díol spéise iad do thurasóirí ná Gairdíní na Lus, Zú Bhéal Feirste agus Ionad Comhdhála Bhéal Feirste.
Margadh: (*Baineann sé leis an ostan i Sráid Alfred amháin*) Ráta speisialta £55 do sheomra singil; £77 do sheomra singil agus dinnéar agus bricfeasta (caithfear margadh ’meal deal’ a iarraidh fosta); £99 do sheomra dúbailte nó sheomra dhá leaba agus dhá dhinnéar agus dhá bhricfeasta (caithfear margadh ‘meal deal’ a iarraidh fosta).
Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge. Leanann an comhlacht leis an bhfealsúnacht fiontraíochta a chur chun cinn tríd an réimse leathan d’imeachtaí a dtugann foireann Gael Linn fúthu ó bhliain go bliain.
Is í príomhaidhm na heagraíochta ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail, mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta. Tá traidisiún fada ag Gael Linn ag cur cúrsaí Gaeltachta ar fáil do bhaill An Droichead agus tá áthas orainn lacáiste 20% a ofráil do chúrsaí Gael Linn do dhaoine fásta i nGaoth Dobhair agus anuas air seo lacáiste 20% ar cheol ar bith ó lipéad Gael Linn ofráil.
Margadh: lacáiste 20% ar tháille chúrsa do dhaoine fásta Gael Linn i nGaoth Dobhair - amharc anseo - agus lacáiste 20% ar lipéad iomlán coimsitheach Gael Linn - amharc anseo - ach ní mór dul i dteagmháil le Gael Linn ar an ghuthán 00353 1 6751200 nó le rphost eolas@gael-linn.ie leis an lacáiste seo a chinntiú.
Ostan Teach Jack, Tír Chonaill
Is gnó teaghlaigh é Teach Jack, atá suite i gCnoc Fola i nGaoth Dobhair ag croí-lár Ghaeltacht Thír Chonaill.
I measc na seirbhísí atá againn tá 27 seomra leapa en suite – iad uilig le teilifísí, teileafóin, nasc wi-fi saor in aisce; béar agus bialann cheadúnaithe; seomra ócáide do suas le 150 duine; seomraí cruinnithe; Bia Bheáir riartha i rith an lae; páirceáil slán san áireamh. Faofa ag an Bhord Turasóireachta.
Bíonn siamsaíocht againn gach deireadh seachtaine agus achan oíche le linn saoire; céilithe sa seomra ócáide achan oíche Mháirt. Cuireann muid dianchúrsaí ar siúl fosta i nGaeilge, Ceol agus damhsa céilí.
Tugtar tús áite dár dteanga dhúchais i gconaí. Tá Céad Míle Failte romhat a theacht isteach agus do ghorradh a dhéanamh ag an tine sa Bhéar agus eisteacht leis an teanga Ghaeilge á labhairt timpeall ort ag muintir na háite.
Margadh: Oíche amháin leaba agus bricfeasta, €34 an duine; dhá oíche leaba agus bricfeasta + béile amháin €80 an duine
An chéad áit agus an t-aon áit i mBéal Feirste óna dtig leat Lasagna, Pasta, Pizza agus roinnt rudaí eile a fháil go díreach chuig an doras - Casa Nostra
146 Bóthar Ormeau
Béal Feirste
BT7 2EB
tel.: 02890202772
Margadh: Deoch bhog amháin le gach ord



















