Social Enterprise

Gaeilge

Fiontraíocht Sóisialta

“Is eagraíochtaí a fheidhmíonn de réir bunchuspóra sóisialta iad Fiontair Shóisialta, agus iad ag trádáil earraí nó seirbhísí ar mhaithe le sprioc sóisialta. Tugtar go minic bunlíne thriarach ar aidhm s’acu chun spriocanna a bhaint amach a bhaineann le cúrsaí sóisialta agus timpeallachta chomh maith le cúrsaí airgid…” (is féidir an chuid eile den sainmhíniú (Béarla) seo a fheiceáil anseo)

Tá sé de rún ag An Droichead ról lárnach a bheith againn i gcur chun cinn an gheilleagair shóisialta Gaeilge i mBéal Feirste sna deich mbliana atá le theacht.

Tá cúlra againn san fhiontraíocht phobail agus léiríonn ár ndul chun cinn go bhfuil fás a dtagann torthaí sóisialta leis mar bhonn ag an eagraíocht seo.

Chomh maith le feabhsú leanúnach ár suímh agus na timpeallachta máguaird, tá seirbhísí nua á gcur ar fáil againn le blianta beaga anuas, agus iad ina bhfiontair shóisialta inmharthana anois iontu féin. Tchítear dúinn anois gur féidir linne bheith chun tosaigh i bhforbairt gréasán agus bonneagair a thabharfaidh tacaíocht do ghnólachtaí Gaeilge agus do ghrúpaí eile ar féidir leo cur leis an gheilleagar Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide ar shiúl.

Le breis agus deich mbliana, d’éirigh linn:

  • Píosa talaimh dhearóil a aistriú go dtí tamhnach cultúir i lár phobal ionchathrach
  • Lárionad ar luach £500,000 a thógáil, rud a bhfuil duaiseanna bainte aige, fá choinne pobal na Gaeilge in Oirdheisceart Bhéal Feirste
  • Bunscoil rathúil a fhorbairt agus seirbhísí a sholáthar di. Tugann an Roinn Oideachas aitheantas anois ar an scoil, mar a bhfuil Gaeloideachas den chéad scoth ar fáil do theaghlaigh i nDeisceart agus Oirthear Bhéal Feirste ó bhí 1996 ann.
  • Bheith mar an fostóir is mó san Ormeau Íochtarach
  • Deiseanna fostaíochta agus traenála – idir CNG agus shocrúcháin – a aimsiú agus a éascú do níos mó ná 20 duine áitiúil
  • Naisc láidre a dhéanamh le grúpaí éagsúla agus forais stáit san earnáil geilleagair shóisialta, agus bheith inár mball den Social Economy Network

English

Social enterprise

“Social enterprises are social mission driven organizations which trade in goods or services for a social purpose. Their aim to accomplish targets that are social and environmental as well as financial is often referred to as having a triple bottom line…” (see the rest of this definition here)

An Droichead plans to play a key role in the development of the Irish language social economy in Belfast in the next decade.

We come from a background of community enterprise and our track record shows that growth with a social return underpins our organisation.

As well as the ongoing development of our site and the surrounding environment, we have developed services in recent years that have become viable social enterprises in themselves. We feel we can now  lead  on the development of networks and infrastructure that will support Irish language businesses and other groups who can contribute to the Irish language economy in Belfast and beyond.

 

In just over ten years we have:

  • Developed a piece of derelict land in to a cultural oasis in the heart of an inner-city community
  • Built an award-winning, £500,000 centre for use by S.E. Belfast’s Irish language community
  • Grown and serviced a successful primary school that has gained recognition from the Department of Education and provided top quality Irish medium education to families in South and East Belfast since 1996.
  • Become the largest community employer in the lower Ormeau Road.
  • Sourced and facilitated training opportunities and employment, including NVQs and placements, for over 20 local people
  • Made strong links with groups and statutory bodies in the social economy sector, and become a member of the Social Economy Network

Bookmark and Share

Leave a Reply

Powered by WordPress | Admin | Design by Eóin Lennon Entries RSS Comments RSS

An DroicheadAn DroicheadAn Droichead