Live Music


Gaeilge

Ceol Beo:

Tá An Droichead i ndiaidh clú a tharraingt air féin le bliain go leith anuas mar an príomh ionad ceoil thraidisiúnta i ndeisceart Bhéal Feirste.  Chuaigh an scéal sin ar fud Béal Feirste agus níos faide anonn; rud a chuidigh linn na ceoltóirí b’fhearr i gcóngar agus i gcéin a mhealladh chuig an lárionad seo.  Lóchranna ceiliúrtha atá  sna coirmeacha ceoil abhus anseo sa lárionad. Bíonn atmaisféar ar leith ann agus is minic cuairteoirí nua ag déanamh tagairt dó ar theacht anseo den chéad uair agus sin ceann de na cúiseanna gur minic a bhíonn na seóanna díolta amach. Tá a fhios ag idir thionscnóirí agus ealaíontóirí go mbeidh lán tí ann agus lucht éisteachta i láthair atá eolach agus tuisceanach ar an cheol agus cuireann sin ar ár gcumas ealaíontóirí traidisiúnta den scoth a mhealladh go deisceart Bhéal Feirste, mar atá  Mairéad Ní Mhaonaigh de chuid Altan, Julie Fowlis agus John Spillane agus daoine eile nach iad.

Gné eile d’oícheanna na gcoirmeacha ceoil go dtugtar seans do cheoltoirí óga áitiúla bheith ag gabhail ceoil os comhair lucht éisteachta. Cúis áthais dúinn  seans a thabhairt don chéad ghlún eile an stáitse a roinnt leis na réalta agus dul i ngleic phearsanta leo.

John Spillane & Lumiere

Dé hAoine 15 Eanáir 2010

Ticéid £12.50

Doirse: 7.30in

“One of the great songwriters to emerge in the last 10 years is John Spillane”

Christy Moore “Other Voices” Feb ‘09

Mar bhuaiteoir faoi dhó de ghradam “Meteor” sa chatagóir ceol na ndaoine/traidisiúnta is fearr, rinne John Spillane camchuairt ar fud na tíre agus an domhain ag spreagadh áthais le meascán d’amhráin shéiseacha, scéalta siamsúla agus liricí fileata.

Rinne Irish Music Magazine cur síos air mar ‘one of the truest Irish voices of his generation’ ‘ agus cuireann Spillane an spiorad Ceilteach i bhfriotal.

Níl ach rud amháin atá cinnte, ag deireadh seó john Spillane ní bheidh súil thirim ar bith sa teach  agus tabharfaidh sé ar thuras thú bíodh sin lena amhráin  mhothúchánacha  nó lena acmhainn grinn Chorcaíoch nó nach mbíodh.

I Lumiere tá Éilís Kennedy agus Pauline Scanlon; beirt amhránaithe eisceachtúla ón Daingean, Chontae Chiarraí, a bhfuil dhá ghuth soiléire ar leith agus fuaim uathúil amháin acu, Éire is ea í. Le chéile mar Lumiere, tá fuaim agus mothúchán baineann ina gcuid ceoil, arb é an guth an phríomhuirlis cheoil é agus arb í Éire an mháthairthír athshamhalta í. Le Lumiere, is é an t-amhrán agus a chanadh an príomhfhócas é, geilleann na buarthaí teicniúla do mhothúcháin agus an t-amhrán agus an t-amhránaí ag teacht le chéile gan stró.

Sa gheilleagar domhanda reatha, is bréagamhráin iad amhráin ainmheasarthachta agus ábharaíocha.  Ceolann Lumiere rud éigin níos iomláine agus níos fire. Seo fíoramhránaíocht canta ag fíoramhránaithe ag cur fíormothúchán in iúl. Glacann Lumiere amhráin atá naofa agus sean agus déanann siad athshamhlú simplí agus álainn orthu, ag athéileamh na fírinne agus na muiníne don aois nua-aimseartha.

Dé Sathairn 13 Feabhra 2010

Pádraig Rynne, Tóla Custy & Paul McSherry le hAoi-Amhránaí Kathleen MacInnes

Ticéid:£10.00

Doirse:7.30in

www.guidewiresmusic.com

Cuirfidh tallainn cheolmhar an tríréid seo iontas an domhain ort. Ag seinm le chéile ó 2003, is baill bunaidh iad fosta den bhanna ceoil is iontaí agus is corraithí in Éirinn i nglúin s’againne darb ainm “Guidewires”.

Sa cheol s’acu tá seanphoirt agus poirt nua le port ó thar sáile ina measc. Is é an rud atá difriúil fá dtaobh díobh ná an bealach a chóiríonn siad na píosaí ceoil seo. Ag an cheolchoirm seo seinnfidh an tríréad cuid mór port nár chualathas riamh roimhe.

Pádraig Rynne – An Consairtín

Tá Pádraig ar dhuine de na daoine is mó clú i gceol na hÉireann a sheinn agus a thaifead leis na ceoltóirí is mó cáile i gceol.
Mar iarbhall de “Cian” – thaifead agus sheinn Pádraig le ceoltóirí as Arty McGlynn, Kevin Crawford, Tony Linnane, At First Light, Flook … tá sé soiléir go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí is mó ráchairte i gceol an lae inniu.
Bhí a albam aonréadach “Bye A While”, eisithe i 2005, ar cheann de na halbaim cheoil thraidisiúnta ba mhó díolta sa bhliain sin.

Tóla Custy – An Fhidil
Tá ainm Custy bainteach le ceol fidile an Chláir, tá Tóla ar dhuine de na seinnteoirí, cumadóirí agus ceoltóirí is mó cáile i gceol na hÉireann..
Thaifead agus sheinn Tóla le ceoltóirí amhail Mirella Murray, Grada, Lúnasa, Alan Kelly agus a bhanna ceoil, Arty McGlynn, Heidi Talbot agus Pauline Scanlon.

Paul McSherry – Giotár
Mar bhall de theaghlach clúiteach Mhic Shearrraigh ó Bhéal Feirste, ní ábhair iontais é gur tugadh creidiúint dó as ceol Éireannach ar an ghiotár a athchumadh. Mar bhall bunaidh Tamalin, thaifead agus sheinn Paul le Déanta, Mosaic, Liam O Flynn, The Donal Lunny band fosta.

Kathleen MacInnes

Scotland on Sunday “Best Folk Album released in 2006″ Og-mhadainn Shamhraidh (Summer Dawn) Kathleen MacInnes.

Agus muid ag obair leis an cheolchoirm seo a eagrú tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh an amhránaí iontach seo ó Uist a Dheas go dtí An Droichead. Tá cumas agus aigeantacht ghlórach uathúil ag Kathleen beogacht dhrámatúíl a chur i gcanadh a cuid amhrán – is aisteoir agus láithreoir teilifíse í agus tá a halbam “Og-mhadainn Shamhraidh”, le tionlacáin ó roinnt de na ceoltóirí Gaelacha is fearr amhail Cathy Ann MacPhee agus Julie Fowlis, agus ó shárionstraimithe cheol tíre amhail Donald Shaw agus Michael McGoldrick ó Capercaillie go dtí an fidléir John McCusker iontach agus álainn. Duine ar bith nach bhfuil saothar Kathleen ar eolas acu déanfar fíorchineál orthu.

Dé Sathairn 20 Feabhra 2010

Hayden, kelly & McDonald

Ticeid £10.00

Doirse : 7.30in

Cathal Hayden

Ní gá míniú cé hé Cathal Hayden mar is eol do chách a bhfuil suim acu sa cheol traidisiúnta. Bhain sé clú idirnáisiúnta amach mar duine de bhunaitheoirí “Four Men and a Dog”, agus mar chuid den “Máirtin O’Connor Trio” ar na mallaibh le Seamie O’Dowd. Ní amháin go bhfuil sé ar na fidléirí is fearr in Éirinn ach cuireann a chuid aonréad bainseó iontas ar a chomh-cheoltóirí agus ar a lucht éisteachta araon.

John Joe Kelly

Tá John Joe Kelly ar na seinnteoirí bodhráin is mó éilimh i saol an cheoil traidisiúnta sa lá atá inniu ann. Is as Manchain dó John Joe, a thosaigh ag seinm cnaguirlisí agus é an-óg agus atá anois ina bhall de na buíonta Flook agus Mike McGoldrick Band. Tá stíl dá chuid féin aige, agus tá clú mór ar a chuid ceoil i measc ceoltóirí traidisiúnta ar fud an domhain. Le déanaí bhí baint aige le cuid mhór comh-thionscadail cheoil domhanda.

PJ McDonald

Tharraing PJ McDonald aird air féin mar sheinnteoir feadóige trí thógáil ar stíl a athar, Hugh Pat McDonald, agus stíl na sár-cheoltóirí áitiúla ina bhaile, Domhnach Mór. Tá clú air anois mar gheall ar a amhránaíocht agus seinm giotáir breá traidisiúnta. Le tamall anuas tá sé ag cleachtadh a cheird leis an cheoltóir mór Cathal Hayden.

Dé Sathairn 6 Márta 2010

Seoladh Cd úr le John McSherry

Thar cúig bliana déag anuas, bhí John McSherry ag seinm agus ag taifeadadh le cuid mhór ceoltóirí agus grúpaí ó Donal Lunny agus Lunasa go Clannad agus The Corrs! Bhí sé ag déanamh camchuairte lena bhanna ceoil féin ‘At First Light’ fosta agus d’eisigh sé dhá dhísead albam iontach rathúil chomh maith! Níl ach an t-am aige anois a chéad albam aonréadach a chumadh agus a thaifeadadh, a bheidh á eisiúint i mí Mhárta i mbliana. Is meascán de phoirt thraidisiúnta agus saothar ceoil John féin é an t-albam. Is meascán de cheol bhríomhar ó na píopaí, ó fheadóga, ó ghiotáir, ó bhasúcaithe agus ó fhidleacha é an t-albam seo a chuirfidh a lán iontas ar an lucht éisteachta!

Cead isteach le cuireadh

7.00in – 8.00in

Ceolchoirm Seachtain na Gaeilge le “ At First Light”

Ticéid : £10.00

Doirse : 8.45in

“Irish trad gets a kick up the backside with this dream-team line-up of fiddle, uilleann pipes and crystal-clear vocals. The Pixies meets Planxty? Now there’s a thought” The Irish Times

Sa ghrúpa At First Light tá an píobaire uilleann a bhfuil clú domhanda air John McSherry agus an fidléir iontach Dónal O’Connor, ar chruthaitheoirí Tripswitch iad a ndearnadh cur síos air mar ‘foirfeacht fhuaimiúil’. I gcomhar le tallann oirirc Francis McIlduff ó theaghlach clúiteach McPeake, le cumhacht, soiléireacht agus lúchair thréan ó cheol Alan Burke arbh iarbhall den bhanna ceoil Afterhours é, is féidir leat an fáth a thuiscint a bhfuiltear ag tabhairt ‘foireann ceoltóirí aislingeach’ orthu.

Ag meascadh amhrán traidisiúnta le ceol cumhachtach agus mín na bpíopaí, na fidle, na bhfeadóg, an ghiotáir agus an bhodhráin, cruthaíonn At First Light fuaim shonach a thugann an lucht éisteachta ar thuras fionnachtana ó fhréamhacha go todhchaí cheol traidisiúnta na hÉireann.

Dé Sathairn 27 Márta 2010

Caoimhín Ó Raghallaigh, Catherine McEvoy  & Micheál Ó Raghallaigh

Ticéid : £10.00

Doirse : 7.30in

“Caoimhín Ó Raghallaigh led this merry trio on a fleet-footed foray through vast meadows, indeed prairies of tunes, his fiddle often leading, sometimes following, and occasionally refraining from joining the melee………………individually accomplished and collectively hugely engaged, they seemed to revel in the chance to test and taste of one another’s music.”

Siobhán Long, The Irish Times, Eanáir 2008

Tabharfaidh an cheolchoirm seo triúr de cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann is fearr le chéile agus is cinnte go mbeidh oíche de cheol traidisiúnta agus chruthaitheach á sheinm ann.

Seinneann an Duibhlinneach Caoimhín Ó Raghallaigh ceol tíre traidisiúnta agus comhaimseartha ar an fhidil, ar an vióla 5 téad agus ar an fhidil Hardanger. Mar fhidléir traidisiúnta, cuireadh síos ar a albam Kitty Lie Over, a rinneadh leis an phíobaire uilleann Duibhlinneach Mick O’Brien, san Irish Times mar “a niftier mood enhancer than any drug therapy”.

Tá Catherine McEvoy ar dhuine de na léiritheoirí comhaimseartha is fearr i stíl fhidléireachta Shligigh-Ros Comáin, idir liriciúil agus bhríomhar. Is iarbhall de “Macalla” í Catherine arbh é an chéad ghrúpa ceoil thraidisiúnta ban. I measc na n-albam a rinne sí bhí “Catherine McEvoy” (1998) “The Kilmore Fancy” (2004).

Agus é ina shaineolaí ar an Chonsairtín, sheinn Micheál Ó Raghallaigh mar aonréadaí agus mar bhall den ghrúpa ceoil thraidisiúnta “Providence” i SAM agus ar fud na hEorpa. Sheinn sé leis an Táin Céili Band a bhain trí Chraobh Sinsearacha uile-Éireann as a chéile, agus leis an Naomh Pádraig Céili Band.  I ndiaidh rath gan fasach a chéad albam “The Nervous Man” sa bhliain 2001 sáraíonn sé na hionchais go léir leis an dara albam s’aigesan “Inside Out”.

Le tuilleadh eolais a fháil gabh chuig: www.stateofchassis.com


English

Live Music:

Over the past year and a half An Droichead has quickly and professionally established itself as the premier traditional music venue in South Belfast. Moreover, this is a reputation that has travelled throughout Belfast and beyond; one which has granted us access to the very finest of international and local traditional music talent. Concert nights are a beacon of musical celebration here at the Lárionad. The atmosphere is always commented upon by our first time visitors, and is one of the reasons that our concert nights are now regularly sold out. The fact that promoters and artists alike are aware that they will play to a full house and to an appreciative and knowledgeable audience enables us to attract the cream of traditional artists to south Belfast e.g. Maireád Ní Mhaonaigh of Altan , Julie Fowlis  and John Spillane to name but a few.

Another feature of concert nights at An Droichead is the showcasing of young local talent. We are delighted to provide a chance for the next generation of musicians to share the stage and engage with their peers.

Saturday 15 January 2010

John Spillane & Lumiere

Tickets £12.50

Doors : 7.30

“One of the great songwriters to emerge in the last 10 years is John Spillane”

Christy Moore “Other Voices” Feb ‘09

Twice winner of the meteor award in the best folk/trad category, John Spillane has toured the country and the world spreading joy with a mix of melodic tunes, entertaining stories and poetic lyrics.

Described as ‘one of the truest Irish voices of his generation’ by Irish music magazine, Spillane truly embodies the Celtic spirit.

The only thing that’s for sure is that whether from the emotive tunes he whisks you on a journey with or his dynamic playful Cork wit, at the end of a John Spillane show there won’t be a dry eye in the house.

In the current global economy, songs of excess and materialism ring hollow.  Lumiere offers something more holistic and true.  This is real music by real singers communicating real emotions.  Lumiere takes something that is sacred and age old and re-imagines it simply and beautifully, reclaiming truth and trust for the modern age.

Two distinct voices one unique sound. Lumiere is Éilís Kennedy and Pauline Scanlon; two exceptional vocalists from Dingle, County Kerry, Ireland. Together as Lumiere, they offer a distinctly feminine sound and feel, where voice is the primary instrument and Ireland as motherland is re-imagined.  With Lumiere, the song and its delivery are the primary focus, technical concerns give way to feeling as song and singer effortlessly merge.

Saturday 13th February 2010

Pádraig Rynne, Tóla Custy and Paul McSherry

With special guests Kathleen MacInnes & Laoise Kelly

Tickets £10.00

Doors 7.30pm

http://www.guidewiresmusic.com/

Together this trio will blow you away with their musical talents. Performing together since 2003, they are also founder members of Irelands hottest and most exciting band of our current generation “Guidewires”.

Their music consists of both new and old tunes with an odd foreign set thrown in for good measure. What makes them so different is their arrangements of these musical pieces. This concert includes many new unheard sets from the three.

Pádraig Rynne – Concertina

Pádraig is one of Irish music’s best known names and seems to have played and recorded with the biggest names in music.
An ex member of “Cian” –Pádraig has recorded and performed with musicians such as Arty McGlynn, Kevin Crawford, Tony Linnane, At First Light, Flook … it is clear that he is one of music’s most in demand musicians.
His solo album “Bye A While” released in 2005 was one of the fastest selling Traditional albums that year.

Tóla Custy – Fiddle
The name of Custy is synonymous with Clare fiddle music, Tóla is one of the most famous performers, composers and recording artist that Irish music has to offer..
Tóla has recorded and performed with Mirella Murray, Grada, Lúnasa, Alan Kelly and his band, Arty McGlynn, Heidi Talbot and Pauline Scanlon, just to name a few.

Paul McSherry – Guitar
A member of the famous McSherry family from Belfast, it’s no surprise that Paul has been credited with re-inventing Irish music on the guitar. A founding member of Tamalin, Paul has also recorded and played with Déanta, Mosaic, Liam O Flynn, The Donal Lunny band

Kathleen MacInnes

Scotland on Sunday “Best Folk Album released in 2006″ Og-mhadainn Shamhraidh (Summer Dawn) Kathleen MacInnes.

Having worked for almost two years to put this gig together, We are delighted to welcome this amazing vocalist from South Úist  to An Droichead. Kathleen has unique vocal colour and an ability to breathe dramatic life into her songs – she’s also an actress and television presenter, and her  album “Og-mhadainn Shamhraidh” with accompaniments by some of Gaeldom’s best singers including Cathy Ann MacPhee and Julie Fowlis, and top folk instrumentalists from Capercaillie’s Donald Shaw and Michael McGoldrick to fiddler John McCusker  is a beauty.. Anyone not already familiar with Kathleen’s work is in for a real treat.

Saturday 20th February 2010

Hayden, Kelly & McDonald

Tickets £10.00

Doors : 7.30pm

Cathal Hayden

Cathal Hayden needs no introduction to anyone even remotely familiar with traditional Irish music. He achieved worldwide recognition as one of the founder members of “Four Men and a Dog”, and more recently as part of the ‘Mairtin O Connor Trio’, with Seamie O’ Dowd.  He is one of Ireland’s top fiddlers and his solo banjo performances are quite simply show stopping.

John Joe Kelly

John Joe Kelly, is one of the most sought-after bodhran players on the folk music scene today, both in the UK and in Ireland. A member of Flook and Mike McGoldrick bands, John Joe is from Manchester and started playing percussion at a very young age. His style is unique with his deep rhythms and funky variations. His playing has become legendary throughout the traditional scene. In recent years he has been involved in many world music collaborative projects.

PJ McDonald

PJ McDonald made his name as a tin whistle player, learning from his late father, Hugh Pat McDonald, and from the many talented musicians around his native village of Donaghmore. He is now as well known for his superb traditional singing and guitar playing. In recent times he has been applying his talent with the renowned Cathal Hayden.

Saturday 6th March 2010

Oíche mhór Cheol Seachtain na Gaeilge

CD Launch: John McSherry’s much anticipated first solo album

Over the past fifteen years or so, John McSherry has been performing and recording with everybody from Donal Lunny and Lunasa to Clannad and the Corrs! He has also been touring with his own band ‘At First Light’ and has released two very successful duet albums along the way! It’s only now that John has found time to produce and record his debut solo album which will be due for release in March this year. The album is a mix of traditional tunes and Johns own compositions. A firey blend of pipes, whistles, guitars, bazoukis and fiddles, this album has a lot of surprises in store!

7.00pm – 8.00pm   Admission by Invite Only

Followed by At First Light in Concert

Tickets £10.00

Doors: 9.00pm

Probably the most exciting new band to hit the traditional Irish music scene for many years, At First Light comprises the talents of world renowned Uilleann Piper John McSherry and outstanding young fiddle player Dónal O’Connor, creators of Tripswitch, which has been described as ‘Acoustic perfection’.

Combined with the sublime talent of Francis McIlduff from the famous McPeake clann, the power, clarity and sheer joy of Alan Burke formerly of the band Afterhours and ‘Asturien Traditional Musician of the Year 2006′ Rubén Bada and you can see why the band is being portrayed as ‘a dream team line

Saturday 27 March 2010

An Droichead in Association with Moving On Music

Present

Buttons, Barrels & Bows

Caoimhín Ó’Raghallaigh, Catherine McEvoy  & Micheál Ó’Raghallaigh

“Caoimhín Ó Raghallaigh led this merry trio on a fleet-footed foray through vast meadows, indeed prairies of tunes, his fiddle often leading, sometimes following, and occasionally refraining from joining the melee………………individually accomplished and collectively hugely engaged, they seemed to revel in the chance to test and taste of one another’s music.”

Siobhán Long, The Irish Times, January 2008

This concert brings together three of the finest Irish traditional players promising an evening of traditional yet inventive music making.

Dublin-born Caoimhín Ó Raghallaigh plays traditional and contemporary folk music on fiddle, 5-string viola and hardanger fiddle. As a traditional fiddler, his Kitty Lie Over album with Dublin uilleann piper Mick O’Brien was described in the Irish Times as “a niftier mood enhancer than any drug therapy”.

Catherine McEvoy is one of the finest contemporary exponents of the Sligo-Roscommon style of flute playing, both lyrical and driving. Catherine is a former member of “Macalla” the first all female traditional group.  Her recordings include “Catherine McEvoy” (1998) “The Kilmore Fancy” (2004).

Concertina maestro, Micheál Ó’Raghallaigh has performed as both a soloist and as a member of the traditional group “Providence” in the USA and throughout Europe.  He has also been part of the Táin Céili Band ‘three in a row’ senior all Ireland title winners, and the Naomh Pádraig Céili Band.  Following the unprecedented success of his debut album “The Nervous Man” in 2001 he surpasses all expectations with his second recording “Inside Out”.

For further information go to: www.stateofchassis.com

Bookmark and Share

3 Responses to “Live Music”

  1. At the Racket | androichead.com Says:

    [...] Live Music [...]

  2. Seoladh / Launch | androichead.com Says:

    [...] Live Music [...]

  3. Ceol Beo ag An Droichead – live music at An Droichead | androichead.com Says:

    [...] Live Music [...]

Leave a Reply

Powered by WordPress | Admin | Design by Eóin Lennon Entries RSS Comments RSS

An DroicheadAn DroicheadAn Droichead