Foirmeacha Clárúcháin den Dianchúrsa ar fáil anois

Irish Language

Tá na cúrsaí deireadh seachtaine seo dírithe ar gach leibhéal, ón tosaitheoir glan go dtí an cainteoir líofa. Bíonn 5 leibhéal ranga ann, daofa siúd ar bheagán Gaeilge go hard leibhéal. Tá múinteoirí  den scoth againn le taithí fada i mbun na gcúrsaí in An Droichead a thagann ó gach cearn den tír, sin an fáth a bhfuil ráchairt mhór ar na cúrsaí. Is deis iontach atá sa dianchúrsa bualadh le Gaeilgeoirí eile, do chuid Gaeilge a chleachtadh le daoine ar chomhchéim leat agus giota grinn bheith agat fosta. Bíonn ócáid shóisialta saor in aisce ar an oíche Shathairn mar chuid de fosta.
(Coirmhcheoil, tráth na gceist boird, srl).
Cuirtear seirbhís naíolainne saor in aisce ann do gach dianchúrsa cé go bhfuil na háiteanna teoranta agus b’fhearrde áit a chur in áirithint roimh ré. Clúdaíonn an táille £25 (£15.00 Déagóirí idir 14 – 17) lón te, tae, caife agus páirceáil shaor in aisce. Bíonn lacáiste ann do mhicléinn agus do ghrúpaí ach é a iarraidh. Tá foirgneamh An Droichead fóirsteanach don lucht míchumasaithe.   Tá an scéal is úire ar na chúrsaí a bheas ann amach anseo ar ár suíomh idirlín ar an  rannóg An Scéal is Úire.

Beidh an chéad Dianchúrsa eile: Dé Sathairn 27 & Dé Domhnaigh 28 Feabhra 2010. Le clárú, cuir r-phost chuig imeachtai@androichead.com Nó Scairt ar 02890 288818

Bookmark and Share

One Response to “Foirmeacha Clárúcháin den Dianchúrsa ar fáil anois”

  1. Maureen Robinson Says:

    beidh me ann (dianchursa ardleibheil)

Leave a Reply

Powered by WordPress | Admin | Design by Eóin Lennon Entries RSS Comments RSS

An DroicheadAn DroicheadAn Droichead