Gradam Ghlór na nGael buaite ag An Droichead
Irish LanguageIs é An Droichead, Béal Feirste a bhuaigh céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael 2009. Fógraíodh torthaí an chomórtais ar chlár Seán Bán Breathnach ar Raidio na Gaeltachta ag 2.00in 29 Eanáir 2010.
Bhuaigh t-ionad i ndeisceart na cathrach €50,000 agus trófaí. Is í an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta príomh urra na duaise náisiúnta agus Foras na Gaeilge urra an trófaí.
Chuaigh an leibhéal pleanála do thodhchaí na Gaeilge a rinne An Droichead i bhfeidhm ar mholtóirí Ghlór na nGael.
Bhuaigh an Droichead an duais mar aitheantas náisiúnta ar mbain an coiste amach ag cur na Gaeilge chun cinn le linn 2009.
Is é Comharchumann Forbartha Chois Fharraige, Co na Gaillimhe, a bhuaigh an dara áit agus duais de €12,500. Bhuaigh An Clár as Gaeilgean tríú áit agus duais de €7,500.
Ag moladh obair An Droichead, dúirt bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby: “Tá an duais seo tuillte go maith ag an Droichead as a bhfuil déanta ar son na Gaeilge in Oirthear Chathair Bhéal Feirste le blianta anuas.”
“Chuaigh an leibhéal pleanála do thodhchaí na Gaeilge sa cheantar seo i bhfeidhm ar na moltóirí neamhspleácha agus tá an-dóchas ann go mmbainfí na pleananna sin amach agus go gcruthófar postanna agus seirbhísí trí Ghaeilge sa cheantar.
“Tá liosta leatha d’imeachtaí agus deiseanna labhartha ar siúl ag an Droichead agus is áis phobail cheart ionad an Droichid féin.
“Gabhaim comhghairdeas leis an Droichead agus céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael á bhuachan acu in éadan iomaíocht ghéar. ‘Seo an duais ag filleadh ar Bhéal Feirste i ndiaidh camchuairt ceithre bhlian timpeall na tíre.
“Is aitheantas an duais seo ní amháin d’obair na mbuaiteoirí ach do choistí agus grúpaí deonacha ar fud na tíre atá ag cur na Gaeilge chun chinn i rith na bliana.”
San iomlán d’fhógair Glór na nGael duaiseanna de luach €150,000 beo ar Raidió na Gaeltachta.
Eagrófar Bronnadh Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael i mBéal Feirste ar an 20ú Márta 2010.














