Níl ach cúpla ticéad fágtha
Irish Language
Rynne, Custy & McSherry le hAíonna Kathleen MacInnes & Laoise Kelly
Cuirfidh tallainn cheolmhar an tríréid seo iontas an domhain ort. Ag seinm le chéile ó 2003, is baill bunaidh iad fosta den bhanna ceoil is iontaí agus is corraithí in Éirinn i nglúin s’againne darb ainm “Guidewires”. Sa cheol s’acu tá seanphoirt agus poirt nua le port ó thar sáile inameasc. Is é an rud atá difriúil fá dtaobh díobh ná an bealach a
chóiríonn siad na píosaí ceoil seo. Ag an cheolchoirm seo seinnfidh an tríréad cuid mhór port nár chualathas riamh roimhe.
Pádraig Rynne – An Consairtín
Tá Pádraig ar dhuine de na daoine is mó clú i gceol na hÉireann a sheinn agus a thaifead leis na ceoltóirí is mó cáile i gceol. Mar iarbhall de“Cian” – thaifead agus sheinn Pádraig le ceoltóirí as Arty McGlynn, Kevin Crawford, Tony Linnane, At First Light, Flook…tá sé soiléir go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí is mó ráchairte i gceol an lae inniu. Bhí a albam aonréadach “Bye AWhile”, eisithe i 2005, ar cheann de na halbaim cheoil thraidisiúnta ba mhó díolta sa bhliain sin.
Tóla Custy – An Fhidil
Tá ainm Custy bainteach le ceol fidile an Chláir, tá Tóla ar dhuine de na seinnteoirí, cumadóirí agus ceoltóirí is mó cáile i gceol na hÉireann. Thaifead agus sheinn Tóla le ceoltóirí amhail Mirella Murray, Grada, Lúnasa, Alan Kelly agus a bhanna ceoil, Arty McGlynn, Heidi Talbot agus Pauline Scanlon.
Paul McSherry – Giotár
Mar bhall de theaghlach clúiteach Mhic Shearrraigh ó Bhéal Feirste, ní ábhair iontais é gur tugadh creidiúint dó as ceol Éireannach ar an ghiotár a athchumadh. Mar bhall bunaidh Tamalin, thaifead agus sheinn Paul le Déanta, Mosaic, Liam O Flynn, The Donal Lunny band fosta.
Kathleen MacInnes
Scotland on Sunday “Best Folk Album released in 2006″ Og-mhadainn Shamhraidh (Summer Dawn) Kathleen MacInnes. Agus muid ag obair leis an cheolchoirm seo a eagrú tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh an amhránaí iontach seo ó Uist a Dheas go dtí An Droichead. Tá cumas agus aigeantacht ghlórach uathúil ag Kathleen beogacht dhrámatúíl a chur i gcanadh a cuid amhrán – is aisteoir agus láithreoir teilifíse í agus tá a halbam“Og-mhadainn Shamhraidh”, le tionlacáin ó roinnt de na ceoltóirí Gaelacha is fearr amhail Cathy Ann MacPhee agus Julie Fowlis, agus ó shárionstraimithe cheol tíre amhail Donald Shaw agus Michael McGoldrick ó Capercaillie go dtí an fidléir John McCusker iontach agus álainn. Duine ar bith nach bhfuil saothar Kathleen ar eolas acu déanfar fíorchineál orthu.













