Seoladh Leabhair le Foras na Gaeilge agus leis an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey T.D. i mBaile Átha Cliath

Home Page Slider, Irish Language

Seo píosa beag  faoi An Droichead agus an Scéim Phobail Gaeilge, ón leabhrán” Cumasú is Cothú ” a bhí seolta i mBÁC, Dé Ceadaoin 12 Bealtaine 2010.

Bunaíodh An Droichead in 1992 agus ó shin tá sé ar thus cadhaíochta maidir le cur chun cinn na Gaeilge.

Foirgneamh nua -aoiseach atá i Lárionad an Droichid féin, a bhain roinnt duaiseanna as ucht a dheartha, agus bronnadh príomhdhuais Ghlór na nGaelar an ngúpa cúpla uair.

Freastlaíonn 120 duine ar na ranganna Gaeilge, ó bhunrang go ranganna cainte, gach seachtain agus baineann an ráchairt seo leis an ngréasán atá forbartha le scoileanna Béarla, ollscoileanna agus grúpaí pobail áitiúla.

Meallann trí dhianchúrsa i rith na bliana daoine ó gach cearn den tír agus creideann An Droichead go dtugann Scein Phobail Gaeilge an seans dóibh na múinteoirí is fearr a earcú.

In 2009 cuireadh imeacht nua le chéile agus tharraing Féile An Droichead na sluaite go Béal Feirste leis na ceoltóirí is mó tóir, John Spillane agus Dermot Byrne ina measc. Lainseáil Naomi Long, Ard-Mheara Bhéal Feirste, an fhéile. Go deimhin, d’úsáid sí cúpla focal Gaeilge ina cuid cainte, ag crrithú nach bhfuil an teanga teoranta do thaobh amháin den phobal.

Furthas clúdach den scoth sna meáin. Chonacthas go bhfuil scléip agus spleodar sna Gaeil i gcónaí le ceithre lá a rinne ómós do gach gné de chultúr an oileáin bhig seo.

Ó thosaigh Scéim Phobail Gaeilge d’fhreastail breis agus 5,000 duine ar imeachtaí Gaeilge, idir ranganna, dianchúrsaí, ceardlanna,céilithe agus ceolchoirmeacha, sa Lárionad. Gan dabht, bíonn próifíl na Gaeilge á hardú i gcónaí.

Freastalaíonn daoine ón mBeilg, ón bPolainn agus tíortha eile ar ranganna rialta sa cheantar measctha seo, ach tá bród ar An Droichead go bhfuiltear ag dul i bhfeidhm ar an bpobal Protastúnach fosta.

Meastar go bhfuil tuairim is 15% de na mic léinn ag teacht ón bpobal Protastúnach. Ní rud beag é sin i gceantar ina bhfuil críoch idir an dá phobal i mBéal Feirste.

Gan dabht, cuirfear leis an dea-obair agus é ar intinn ag an ngrúpa leanúint le prófíl na teanga agus an chultúir a fhorbairt chun deiseanna a chur ar fáil do chách.

Bookmark and Share

Leave a Reply

Powered by WordPress | Admin | Design by Eóin Lennon Entries RSS Comments RSS

An DroicheadAn DroicheadAn Droichead