Rynne, Custy & McSherry le hAíonna Kathleen MacInnes & Laoise Kelly
Cuirfidh tallainn cheolmhar an tríréid seo iontas an domhain ort. Ag seinm le chéile ó 2003, is baill bunaidh iad fosta den bhanna ceoil is iontaí agus is corraithí in Éirinn i nglúin s’againne darb ainm “Guidewires”. Sa cheol s’acu tá seanphoirt agus poirt nua le port ó thar sáile inameasc. Is é an rud atá difriúil fá dtaobh díobh ná an bealach a
chóiríonn siad na píosaí ceoil seo. Ag an cheolchoirm seo seinnfidh an tríréad cuid mhór port nár chualathas riamh roimhe.
Pádraig Rynne – An Consairtín
Tá Pádraig ar dhuine de na daoine is mó clú i gceol na hÉireann a sheinn agus a thaifead leis na ceoltóirí is mó cáile i gceol. Mar iarbhall de“Cian” – thaifead agus sheinn Pádraig le ceoltóirí as Arty McGlynn, Kevin Crawford, Tony Linnane, At First Light, Flook…tá sé soiléir go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí is mó ráchairte i gceol an lae inniu. Bhí a albam aonréadach “Bye AWhile”, eisithe i 2005, ar cheann de na halbaim cheoil thraidisiúnta ba mhó díolta sa bhliain sin.
Tóla Custy – An Fhidil
Tá ainm Custy bainteach le ceol fidile an Chláir, tá Tóla [...] Continue Reading…