Child Care
Cúram leanaí
Cuireann An Droichead seirbhís naíolainne ar fail do thuismitheoirí a ba mhian leo freastal ar ranganna Gaeilge sa Lárionad, agus dóibh siúd fosta a fhreastalaíonn ar na dianchúrsaí a bhíonn againn dhá uair in aghaidh na bliana.
Foirgneamh saintógtha atá sa Lárionad, a dearadh ar mhaithe le freastal ar riachtanais pháistí ag gach aois.
Naíonra an Droichid
Tá grúpa súgartha againn gach maidin den tseachtain atá mar fhriothálach don bhunscoil. Glacann sé le páistí ó 2 bliain 9 mí. Le tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil leis an Stiúrthóir Naíonra, Sinéad Fennell, ag an Lárionad (90288818)
Naíscoil an Droichid
Leanann réamhscoil s’againn, rud atá aitheanta anois ag an Roinn Oideachais mar chuid den bhunscoil, leanann sí an curaclam réamhscoile ina iomláine, agus tá rang de 26 páiste inti.
Chun eolas ar bith a fháil faoinár naíonra nó an réamhscoil thig leat teagmháil a dhéanamh leis an mhúinteoir réamhscoile, Áine-Máire Ní Anluain ag an Lárionad (902888
Cumann Íarscoile / Scéim Samhraidh
Bíonn ár gcumann iarscoile (a bhfuil ‘kite mark’ mar dhearbhú cáilíochta bainte aige ó Playboard) ar siúl gach lá i rith na seachtaine óna 2.00in go dtí 5.00in, rud a ligeann do thuismitheoirí dul ar obair nó ar thraenáil. Tá 26 áit ag an chumann iarscoile do pháistí agus teaghlaigh Scoil an Droichid.
Reáchtalaíonn an fhoireann iarscoile scéimeanna saoire taobh amuigh d’am téarma chomh maith. Le tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil leis an Stiúrthóir Iarscoile, Bríd Duffy, ag an Lárionad (90288818)
Childcare
An Droichead offers a crèche facility to parents wishing to take up Irish classes in the Lárionad, and also to those attending our intensive courses, which take place twice a year.
The cultural centre was built with the needs of children in mind and we can cater for children of all ages.
Naíonra an Droichid
We have a playgroup that runs every weekday morning and acts as a feeder for our school and can take children in from 2 years 9 months. For more information contact the Naíonra Supervisor, Sinéad Fennell, at the Lárionad (90288818)
Naíscoil an Droichid
Our pre-school, which is now recognised by the Department of Education as part of the primary school, follows the full pre-school curriculum and has a class of 26 children.
For any information about our nursery and pre-school you can contact the pre-school teacher, Áine-Máire Ní Anluain at the Lárionad (90288818)
Afterschool Club / Holiday Schemes
Our afterschool, which has been awarded a quality assurance ‘kite mark’ by Playboard, runs every day during the week from 2.00pm to 5.30pm, allowing parents to work full time or avail of training. The afterschool has 26 places that are given to families whose children attend Scoil an Droichid.
The afterschool team also operate holiday schemes outside of term time. For more information on these services contact the Afterschool Supervisor, Bríd Duffy, at the Lárionad (90288818)














October 7th, 2009 at 1:20 pm
Dia daoibh,
Tá mac dhá bhliain d’aois agam, agus ba mhaith liom é a sheoladh go dtí an naíonra. Níl sé sách sean fós, ach shíl mé gur cheart domh dul i dteagmháil libh anois ar eagla na heagla. Níl a fhios agam an bhfuil liosta feithimh ann nó mar sin. Bheinn buíoch díbh dá dtiocfadh libh na foirmeacha a chur chugam.
Go raibh maith agaibh,
Gabhán