Support
Tacaíocht eile atá ar fáil ag An Droichead
Chomh maith leis na seirbhísí chúram leanaí seo agus leis an réimse leathan de ranganna Gaeilge do dhaoine fásta agus do thuismitheoirí, bíonn fáilte mhór ag An Droichead roimh thuismitheoirí ar bith a bhfuil a gcuid páistí sa chóras Ghaeloideachais agus a dteastaíonn tacaíocht nó comhairle uathu.
Chomh maith leis seo, thig linn teaghlaigh a threorú chuig áiseanna eile agus áisíneachtaí rialtais. Is í príomhaidhm s’againn ná fás leanúnach phobal Gaeilge in Oirthear agus i nDeisceart Bhéal Feirste a éascú, mar sin de is cuma cén cheist nó buairt atá agat, ná bíodh leisce ort roimh scairt a chur orainn, rphost a chur chugainn, nó bualadh isteach le comhrá a bheith againn. Ta muid ann le bheith ag cuidiú leat!
Other Support at An Droichead
As well as these childcare services and our extensive range of adult and parent language classes, An Droichead’s doors are open to all parents whose children are in Irish medium education and who need support or advice.
We can also direct families to other resources and government agencies. Our aim is to support the growth of a strong Irish speaking community in South and East Belfast, so no matter what your query or concern, please don’t hesitate to pick up the phone, drop us an email, or call in for a chat. We’re here to help!













