Folúntais
Job Vacancies

Príomhfheidhmeannac

Deis chun An Droichead a threorú sa chéad chéim eile dá fhorbairt

Chief Executive Officer

Lead An Droichead through the next stage of its development

Táimid ag iarraidh Príomhfheidhmeannach spreagúil agus tiomanta a cheapadh chun an eagraíocht a threorú agus Straitéis 2026-2031 a chur i bhfeidhm. Beidh freagracht fhoriomlán ort as ceannaireacht straitéiseach, rialachas, airgeadas agus oibríochtaí An Droichid, agus oibreoidh tú go dlúth lenár mBord, lenár bhfoireann, lenár gcomhpháirtithe agus leis an phobal i gcoitinne.

Beidh tú ar thús cadhnaíochta i gcur chun cinn na Gaeilge, neartóidh tú caidrimh agus cuirfidh tú le hacmhainn agus le hinbhuanaitheacht An Droichid sna blianta atá romhainn.

● Tá líofacht sa Ghaeilge labhartha agus scríofa riachtanach

Ceapachán solúbtha

Táimid ag lorg duine a bhfuil fís, taithí agus tiomantas aige nó aici chun eagraíocht ilghnéitheach a stiúradh. D’fhéadfadh an t-iarrthóir ceart teacht ó réimsí gairmiúla éagsúla. Beidh uaireanta oibre, tuarastal agus téarmaí eile faoi réir idirbheartaíochta, ag brath ar thaithí agus ar chúinsí an iarrthóra a cheapfar.

Conas iarratas a dhéanamh

Seol do CV agus litir ghearr ina míníonn tú an spéis atá agat sa ról agus an méid a d’fhéadfá a chur le hobair An Droichid chuig Tony Macaulay ag tony@androichead.com.

Spriocdháta Dé Luain 7 Nollaig 2026

We are looking for an inspirational and committed Chief Executive to lead the organisation and deliver our Strategy 2026-2031. You will have overall responsibility for strategic leadership, governance, finances and operations, working closely with our Board, staff, partners and wider community.

You will champion the Irish language, strengthen relationships and build the capacity and sustainability An Droichead needs for the years ahead.

● Fluency in spoken and written Irish is essential

A flexible appointment

We are interested in people with the vision, experience and commitment to lead a diverse organisation. The right candidate may come from a range of professional backgrounds. Working hours, salary and other terms are negotiable, depending on the successful candidate’s experience and circumstances.

How to apply

Send your CV and a short letter explaining your interest in the role and what you could bring to An Droichead to Tony Macaulay at tony@androichead.com.

Closing date Monday 7 December 2026

Oifigeach Ealaíon

Arts Officer

Tá An Droichead ag earcú Oifigeach Ealaíon chun clár uaillmhianach ealaíon Gaeilge a phleanáil, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. Beidh an clár fréamhaithe i rannpháirtíocht an phobail, sna healaíona traidisiúnta agus i gcomhpháirtíochtaí láidre.

Post: Oifigeach Ealaíon

Suíomh: An Droichead, 20 Cooke Street, Béal Feirste, agus an clár á chur i bhfeidhm in ionaid phobail agus chomhpháirtíochta

Uaireanta: Lánaimseartha, 37.5 uair an chloig sa tseachtain

Conradh: Buan, faoi réir tréimhse phromhaidh sé mhí

Tuarastal: £32,780 sa bhliain

Spriocdháta d’iarratais: Dé hAoine, 4 Nollaig 2026

Comhordóidh an té a cheapfar ceolchoirmeacha, ranganna, ceardlanna, féilte, gníomhaíocht for-rochtana agus tionscadail speisialta. Beidh forbairt lucht féachana, obair chomhpháirtíochta, cumarsáid dhátheangach, bainistíocht airgeadais, monatóireacht agus comhlíonadh maoinithe mar chuid den ról freisin.

Tá ardleibhéal Gaeilge labhartha agus scríofa riachtanach, mar aon le taithí ábhartha ar chláir ealaíon, chultúrtha nó phobail agus ar chomhordú tionscadail.

Cliceáil anseo, le do thoil, chun an Cur Síos ar an bPost agus an tSonraíocht Phearsanta a fheiceáil le haghaidh na sonraí iomlána, chomh maith leis an bhFoirm Iarratais agus an Fhoirm Monatóireachta.

An Droichead is recruiting a new Arts Officer to plan, deliver and develop an ambitious Irish-language arts programme rooted in community participation, traditional arts and strong partnerships.

Role: Arts Officer

Location: An Droichead, 20 Cooke Street, Belfast, with programme delivery at community and partner venues

Hours: Full-time, 37.5 hours per week

Contract: Permanent, subject to a six-month probationary period

Salary: £32,780 per annum

Closing date: Friday 4 December 2026

The successful candidate will coordinate concerts, classes, workshops, festivals, outreach activity and special projects. The role also includes audience development, partnership working, bilingual communications, financial management, monitoring and funding compliance.

A high level of spoken and written Irish is essential, together with relevant experience in arts, cultural or community programming and project coordination.

Please click here for Job Description and Person Specification for full details and the application and monitoring form.

Oibrí Chúram Leanaí Lánaimseartha / Childcare Practitioner Full Time

Ról/Job Role: Cúramóir/Carer Professions

Tuarastal/Salary: Idir £10.50 agus £12 san uair/Between £10.50 & £12 per hour

Uaireanta sa tseachtain/Hours per week: 37.50

Tá An Droichead ag cuartú daoine bríomhara agus comhbhácha le cur le foireann de hoibrithe proifisiúnta agus díograiseacha ag solathair cláir agus seirbhís do phobal mór agus ilchineálach. Tá folúntais againn chomh maith ar chlár Jobstart s’againn ina bhfuil deis ag daoine óga atá ag iarraidh traenáil linn ar chlár 6 mhí ról buan a fháil amach anseo

An Droichead are looking for energetic caring individuals to join our team of dedicated professional staff team in delivering a full day care programme and service to a large diverse community. We also hold vacancies in our Jobstart programme where young people wishing to train with us on a 6 months programme will have the opportunity to secure a permanent position in the future.

Spriocdháta/Deadline: 11/07/2024 12:00

Foirm iarratais/Application form: Childcare Practitioner Full time | CommunityNI

Oibrí Chúram Leanaí Páirtaimseartha / Childcare Practitioner Part Time

Ról/Job Role: Cúramóir/Carer Professions

Tuarastal/Salary: Idir £10.50 agus £12 san uair/Between £10.50 & £12 per hour

Uaireanta sa tseachtain/Hours per week: 24.00

Tá An Droichead ag cuartú daoine bríomhara agus comhbhácha le cur le foireann de hoibrithe proifisiúnta agus díograiseacha ag solathair cláir agus seirbhís do phobal mór agus ilchineálach. Tá folúntais againn chomh maith ar chlár Jobstart s’againn ina bhfuil deis ag daoine óga atá ag iarraidh traenáil linn ar chlár 6 mhí ról buan a fháil amach anseo

An Droichead are looking for energetic caring individuals to join our team of dedicated professional staff in delivering a full day care programme and service to a large diverse community. We also hold vacancies in our Jobstart programme where young people wishing to train with us on a 6 months programme will have the opportunity to secure a permanent position in the future.

Spriochdháta: 11/07/2024 12:00

Foirm iarratais/Application form: Childcare Practitioner Part time | CommunityNI