Fúinn | About Us

Is eagraíocht Ghaeilge muid a chuireann teanga agus cultúr na nGael chun cinn trí oideachas, ealaín, seirbhísí teaghlaigh agus pobail, agus obair fhor-rochtana. Is í aidhm s’againn ná an pobal Gaeilge is mó agus is ilchineálaí in Éirinn a thógáil anseo i lárchathair dheisceart Bhéal Feirste agus insa chúlchríoch uirbeach atá againn i mórcheantar Bhéal Feirste Thoir agus Theas.

Bunaíodh An Droichead i 1992 chun todhchaí na Gaeilge i nDeisceart agus Oirthear Bhéal Feirste a chinntiú trí réimse seirbhísí agus gníomhaíochtaí Gaeilge a fhorbairt don phobal.

Bhunaigh muid Gaelscoil i 1996 agus thóg muid Lárionad cultúir sa bhliain 2000 – an t-aon Lárionad Gaeilge i nDeisceart agus Oirthear Bhéal Feirste. Bíonn muid i gcónaí ag cur lenár seirbhísí do phobal na Gaeilge agus ar na saolta seo tá na rudaí seo a leanas ar siúl againn: cúram lae, naíonra, cumann iarscoile, cumann óige, caifelann sa phobal, traenáil do Ghaeilgeoirí óga, ranganna Gaeilge, ranganna ealaíne is ceardlanna ceoil, céilithe agus ceolchoirmeacha le ceoltóirí traidisiúnta idirnáisiúnta.

Is í fís s’againn ná an pobal Gaeilge is mó agus is ilchineálaí in Éirinn; is é ár misean ná daoine, teaghlaigh agus pobail a spreagadh leis an Ghaeilge a choinneáil lárnach ina saolta. Oibríonn muid i dtreo sin trí chúram leanaí Gaeilge, oideachas sna luathbhlianta agus seirbhísí teaghlaigh a sholáthar don phobal áitiúil, chomh maith le clár leathan de dheiseanna fostaíochta, oideachas agus gníomhaíochtaí sóisialta. Déanann muid e fosta trí shuim sa Ghaeilge a chothú i measc pobail úra agus tríd an gheilleagar sóisialta Gaeilge a neartú.

Bhain An Droichead príomhdhuais agus Trófaí Ghlór na nGael i 2005 agus arís i 2009, chomh maith le Craobh Uladh an chomórtais i 2006.

An Droichead is an Irish language organisation that promotes the development of Irish language and culture through education, arts, family & community services, and outreach work. Focusing in particular on our immediate area of inner city south Belfast and our urban hinterland of greater south and east Belfast, the aim of An Droichead is to build the largest and most diverse community of Irish speakers in Ireland.

An Droichead was founded in 1992 with the aim of guaranteeing the future of the Irish language in south and east Belfast through the provision of a range of Irish language services and activities for the community.

We established an Irish medium primary school, Scoil an Droichid, in 1996 and we built an Irish language cultural centre, or lárionad, in 2000 - this is the only dedicated Irish language centre in south and east Belfast. We are always seeking to add to the services we deliver for the Irish speaking community, and at present we provide all of the following: a day care service, a pre-pre-school playgroup, afterschool, youth club, community cafe, training for young Irish speakers, Irish language classes, art and music workshops, céilís and concerts with internationally-recognised trad musicians.

Our vision is of the largest and most diverse Irish language community in Ireland; our mission is to inspire and support individuals, families and communities to make Irish language and culture an important part of their lives. We work towards that by providing Irish medium childcare, early years education and family services to the local community as well as a broad programme of employment opportunities, education and social activities. We also do it by nurturing interest in Irish among new communities and by strengthening the Irish language social economy.

An Droichead won the prestigious Glór na nGael Trophy as best Irish language project in Ireland in 2005 and 2009, as well as the Ulster title in 2006.

Lean ar na meáin shóisialta muid
Follow our socials