Is cúis mhórtais í ár bhfoireann atá proifisiúnta, cáilithe, díograiseach, a bhfuil an-dúil acu ins na páistí agus na teaghlaigh lena mbíonn siad ag obair.
We pride ourselves on having a professional, qualified, dedicated, and experienced staff team, that care about the children and families, and the excellent work they do.

Bíonn muid ag cur chun cinn, agus ag infheistiú i bhforbairt phroifisiúnta na foirne, le cinntiú go bhfuil muid ábalta an caighdeán is airde de chúram agus forbairt do na páistí uilig atá faoin ár gcúram.

Seachas ár gcuid traenála lárnach de chaillíochtaí chúram leanaí, a chuimsíonn leibhéalacha 2-5, cosaint leanaí, garchabhair péidiatrach, agus Leibhéal 2 sláinteachas bia, tá punann ollmhór againn de bhaill fhoirne atá traenáil déanta acu in réimsí eile de chúram leanaí agus forbairt, agus in réimsí speisialta, m.s.

  • Tuigbheal ar riachtanais bhreise

  • Feasacht uathachais

  • ASD Leibhéal 1&2

  • Breathnú, Pleanáil agus Meastóireacht

  • Pleanáil shúgradh

  • Pleanáil shúgradh taobh amuigh

  • Forbairt cruthaitheach agus aeistéitiúil

  • Makaton

  • Forbairt chainte agus teanga

  • Ag tacú le páise atá bodhar/traenáil áis éisteachta

  • Traenáil epipen

  • Traenáil peg

  • Tabhairt leigheas rialaithe

  • Oifigeach ainmnithe chúram leanaí

  • Cóitseáil agus meantóireacht

  • Ag plé le gearáin

  • Tacaíocht agus stiúradh

  • Bainistiú choimhlinte agus iompair

  • Ag cur chun cinn teacht aniar fríd súgradh

  • Clár tionscnaíocht meán

  • Traenáil ACEs

  • Ag plé le tuismitheoirí agus míúsáid substaintí

  • Forbairt fhisiciúil & an taobh amuigh

  • Traenáil ailléirge

  • Sláinte agus sábhailteacht agus bainistíocht bhaoil

  • Feasacht sábháilteacht dóiteáin

  • Láimhsiú sábhailte

  • Feasacht chéadfach

  • Traenáil curaclam réamhscoile

  • Ábhar cothaithe

    & níos mó…

We also promote and invest in the continued professional development of our team to ensure we can provide the highest quality of care & development for all children in attendance.

Aside from our core training of Childcare Qualifications ranging from level 2-5, Safeguarding & Child Protection, Paediatric First Aid & Level 2 Food Hygiene, we have a massive portfolio of varying staff trained in various other aspects of childcare & development, and in specialised areas, e.g.

  • Additional needs awareness

  • Autism awareness

  • ASD Level 1&2

  • Observing, planning & evaluation

  • Planning for play

  • Planning for play in the outdoors

  • Creative & aesthetic development

  • Makaton

  • Speech & language development

  • Supporting a child that is deaf / Hearing aid training

  • Epi pen training

  • Peg training

  • Administration of controlled medications

  • Designated child protection officer

  • Coaching & mentoring

  • Dealing with complaints

  • Support & supervising

  • Conflict & behaviour management

  • Promoting resilience through play

  • Media initiative programme

  • ACEs training

  • Dealing with parents and substance abuse

  • Physical development & the outdoors

  • Allergy training

  • Health & safety and risk management

  • Fire safety awareness & wardens

  • Manual handling

  • Sensory awareness

  • Preschool curriculum training

  • Nutrition matters

& more….

Suíomh ionchuimsitheach - páistí agus teaghlaigh fáiltiúla ó achan cúlra - ag tacú le páistí le riachtanais bhreise.

Inclusive setting - welcoming children and families from all backgrounds - supporting any children with additional needs.

Cúram ar ardchaighdeán
High quality care

Is baill muid de/We are members of:

  • Altram

  • Early Years

  • Playboard

Tá muid cláraithe le/We are fully registered and inspected annually with:

  • BHSCT Early Years Team

  • Food Standards Agency

  • Belfast City Council

  • Health & Safety Department

Tara Gibney, Bainisteoir

“Tá mé ag obair in An Droichead ó bhí 2015 ann, ag bainistiú agus ag forbairt na seirbhísí Chúram Lae in éineacht leis an Naíonra agus Cumann Iarscoile.”

Thosaigh mé ar mo thuras Gaeilge mar dhuine de na céad páistí a fuair oideachas Gaeilge ar an taobh seo den chathair, agus mo mháthair mar dhuine de bhunaitheoirí An Droichead.

D’amharc mé ar An Droichead i gcónaí mar a bheadh baile ann domsa, le m’óige caite ag teacht agus ag imeacht, ag cuidiú le mo mhámaí ina ról mar mhaoirseoir agus leas-stiúrthóir sa naíscoil, ag cuidiú le glanadh na háite ar mo laethanta saoire ón scoil, nuair a bhí sé lonnaithe in Ionad Pobal an Mhargaidh. Ba bheag a shíl mé go mbeinn ins an ról céanna mé féin lá amháin.

Chaith mé mo chéad tréimhse taithí oibre ag obair ar Bhóthar Ormeau, i seanoifig LORAG, áit ina raibh an Naíonra ag an am. Is cuimhin liom go maith bheith ag súgradh agus ag bunú caidrimh leis na páistí fríd amhráin agus rainn agus gníomhaíochtaí éagsúla an tseachtain sin, ach an rud a sheasann amach dom ná an sos. Ghlac sé mé ar ais go dtí mo thaithí féin i naíscoil Mhic Airt. Níor athraigh an sos thar na blianta sin - Cupán oráiste caolaithe “Koala”, nó bainne agus briosca “Rich tea” no “Digestive”! Ar dóigh! Tá rud inteacht ins an lá sin a chuireann miongháire ar m’aghaidh go fóill nuair a bhím ag smaointeamh air. Cuimhnithe iontacha ó am ar léith - agus tá mé anseo go fóill!

Níorbh fhada go raibh mo chéad phost aosach agam i ndiaidh dom an scoil a fhágáil. Bhí muid ar Ascail Bhaile Phúir i mbotháin fán am sin, agus ba anseo a d’fhoghlaim agus a d’fhorbair mé faoi chúram mo Mhamaí, a chothaigh foghlaim agus deáchleachtais ionaim - rudaí nár cháill mé ariamh. Gabh ar aghaidh 26 bliain: D’oibrigh mé mar stiúrthóir naíscoile ar feadh na mblianta, ag bogadh ar aghaidh faoi dheireadh nuair a tháinig an réamhscoil faoi chúram na scoile. D’fhoscail mé mo chúram lae féin a mhair 6 bliana i dTuaisceart Bhéal Feirste, sular phill mé ar mo ról reatha mar bhainisteoir seirbhísí chúram leanaí in An Droichead, le tuilleadh foghlama agus taithí ar an bhealach. I mbeagan focal, bhí mé ansin ag pointe inteacht, ag achan pointe, ar thuras An Droichead ón Trá Ghearr, go dtí an áit ar chríochaigh mé, ar Shráid Cooke in 2000!

Is breá liom mo phost agus tá mé iontach sásta ins an ról ina bhfuil mé. Sílim go bhfuil mé i m’ionadaí maith do pháistí, agus go bhfuil mé i mo bhainisteoir a roinneann mo chuid eolais agus mo chuid taithí le m’fhoireann ar fad. Is post crua, ach fiúntach é, agus ní thiocfadh liom mé féin a shamhladh i bpost ar bith eile. Is áit iontach í An Droichead le bheith ag obair, ina bhfuil príomhfheidhmnheach agus coiste láidir agus tacúil ann. An Droichead Abú!”

“I have been back In An Droichead from 2015 managing and developing the Day Care services alongside the already Established long running Naíonra & Cumann Iarscoile.

I Started my Irish language journey as one of the very first children to be educated through the Irish medium from this side of town, with my mother being one of the founding members of An Droichead.

I have always considered An Droichead as my home from home for most of my life, with my childhood spent coming and going, helping my mammy in her role as supervisor & co-ordinator of the nursery school, helping her clean the setting on my days off school, when it was based in the Market Community Centre. Little did I know that as I grew, that I would one day assume that role myself.

My very first work experience was spent on the Ormeau Road in the old LORAG office, from which the Naíonra was running at that time. I remember fondly playing and engaging with the children through songs & rhymes and various activities that week, but what stands out for me was the sos break. It brought me straight back to my own experience in Mac Airt nursery, the sos hadn't changed in all them years - cup of orange diluted Koala, or milk bainne, and a rich tea, or digestive biscuits! Great! Something about that even today that makes me smile as I remember this. Great memories from a happy time, and here I was loving it again.

I wasn't long returning to my first Adult job after leaving school. We were in Balfour Avenue in the portacabins by then and it was here that I learned and grew under the supervision of my Mammy, who instilled great learning and good practice in me, that I have carried with me to this day. Fast forward 26 years: I have worked as the Naíscoil supervisor for many years, eventually moving on when the pre-school was taken under the management of the school. I opened my own day care that ran for 6 years in the North of the city before boomeranging back to my current position as childcare services manager in An Droichead, with much more learning and experience along the way. In short, I was there at some stage, at every stage, along An Droichead's journey from the Short Strand, to where we finally settled, in Cooke Street in 2000!

I love my job and am very happy in my role. I consider myself a total advocate for children, and a manager that shares my knowledge & experience with all my staff. It is a difficult yet rewarding job and I couldn't really see me doing anything else. An Droichead is a great place to work with a very strong and supportive CEO and Committee. An Droichead Abú!

Cláraigh anseo/Register here