Cartlann POBAL | POBAL Archive

Eolas faoin Chartlann


POBAL – Eagras neamhspleách abhcóideachta 1998-2019

Ábhar Cartlainne

Agus é bunaithe i mBéal Feirste le hoifig bheag sa chathair, eochaireagraíocht abhcóideachta na Gaeilge a bhí sa scátheagras POBAL ó 1998 go 2019. Chuir sé obair dhúshlánach, cheannródaíoch i gcrích maidir le forbairt pobail, reachtaíocht agus stádas na Gaeilge sna 6 chontae, chomh maith le taighde, sainriachtanais oideachais agus na healaíona ar bhonn náisiúnta. Nuair a d’athraigh Foras na Gaeilge struchtúr a gcuid bunmhaoinithe - rud a d’fhág sceacht ngrúpa ó thuaidh gan mhaoiniú leanúnach - lean POBAL leis an obair ar bhonn páirtaimseartha. In 2019, bhí ar an eagraíocht doirse na hoifige a dhruidim don uair dheireanach. Lóisteáladh go leor ábhar le hOifig na dTuairiscí Poiblí agus le Leabharlann an Lín-Halla agus Leabharlann an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich. Tháinig deireadh le suíomh idirlín POBAL féin i 2020.

Anois, le caointacaíocht ó An Droichead, tá baile nua ar an suíomh idirlín seo do chuid de na tuairiscí agus na moltaí a ghin POBAL.

Janet Muller,
Iar-stiúrthóir POBAL, abhcóidaí neamhspléach na Gaeilge

POBAL – Independent advocacy organisation 1998-2019

Archive of Materials

Founded and located in Belfast, from 1998 to 2019, POBAL was the Irish language’s key advocacy and umbrella organisation. It undertook challenging and ground breaking work on community development, legislation and the status of Irish in the 6 counties, and research, special education needs and the arts nationally. When Foras na Gaeilge changed the structure of its core funding - with seven Northern-based groups losing out - POBAL continued to carry out its work on a part time basis. In 2019, it was forced to close its doors for the last time. Many materials were lodged with the Public Records office, Linenhall and Cardinal Ó Fiaich libraries. POBAL’s own web site went offline in 2020.

Now, thanks to generous support from An Droichead, some of the many reports and proposals POBAL generated have found a new home on this website.

Janet Muller,
Former director of POBAL, independent Irish language advocate

Cuireann An Droichead fáilte romhat chuig cartlann obair abhcóideachta agus taighde a rinne an grúpa cearta teangan, POBAL, thar scór bliain. An rud atá sa chartlann ná taighde agus tuairiscí de chomhdhálacha a d’eagraigh POBAL thar na blianta in éineacht le cuid de na saineolaithe teanga is mó ar domhan. Beidh an chartlann seo mar acmhainn iontach do dhuine ar bith a atá ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoin fheachtas stairiúil ar son cearta teangan sa tréimhse thart ar Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus ó shin amach. Ag an phointe cinniúnach seo don teanga sna Sé Chontae, agus an tAcht Féiniúlachta agus Teanga sa reachtaíocht don chéad uair, tá lúcháir orainn gur iarr iarstiúrthoirí POBAL orainn an chartlann seo a chur ar fáil ar ár suíomh, androichead.com.

Bhíodh An Droichead i gcónaí go mór ag tacú le saothar POBAL agus tá sé ina onóir againn a bheith bainte lena dtroid ar son aitheantais don Ghaeilge anseo.

- An Droichead

 

An Droichead welcomes you to this archive of advocacy and research work undertaken by language rights group POBAL over two decades. The archive contains research and reports of conferences POBAL organised over the years with some of the world's top language rights experts. This will be a fantastic resource for anyone seeking to learn more about the historic campaign for Irish language rights in the period around and since the Good Friday Agreement. At this decisive moment for the language in the north of Ireland, when an Identity and Language Act has placed Irish language legislation on the statute book for the first time, we are delighted to have been asked by POBAL's former directors to make this archive available on our website androichead.com.

An Droichead was always a strong supporter of POBAL's work and we are honoured to be associated with their contribution to the fight for recognition of the language here.

- An Droichead