Ealaíona na Gaeilge
The Irish Language Arts

Ealaíona na Gaeilge / The Irish Language Arts

 

‘Inspreagadh - Na healaíona Gaeilge mar áis thacúil do sheachadadh curaclaim’

Tuairisc na Comhdhála, Teach na hÉigse, Iúr Cinn Trá, 13 Bealtaine 2011

 Thosaigh POBAL ag obair ar straitéis do na healaíona in 2009, rud a d’eascair as an obair leanúnach abhcóideachta a dhéanann POBAL agus na healaíona Gaeilge mar chuid den abhcóideacht sin. Rinne muid taighde a choimisiúnú agus dhírigh muid ar roinnt rudaí ar leith: maoiniú agus tacaíocht; tógáil lucht féachana; scileanna agus oiliúint.  

Chreid POBAL go raibh an-fhéidearthachtaí sa scéal seo, go háirithe i dtaca le hoideachas agus ealaíona a chónascadh. Mar shampla, níl aon amhras ach go bhfuil féidearthachtaí ann maidir le healaíontóirí bheith in ann forbairt a dhéanamh ar na táirgí a chuireann siad ar fáil, maidir le lucht féachana sna scoileanna a fhorbairt, maidir le cur le scileanna agus le cáilíochtaí sa dóigh is go mbeadh sé níos fusa, b’fhéidir, ioncam rialta bheith ag ealaíontóirí le Gaeilge. Chomh maith leis sin, shíl muid go raibh sainriachtanais earnáil na Gaeilge agus earnáil na Gaelscolaíochta le cur san áireamh agus sin ceann de na cuspóirí a bhí againn nuair a reáchtáil muid 'Inspreagadh'. Léiríonn tuairisc na comhdhála plé tábhachtach idir lucht na scoileanna agus ealaíontóirí. Gné eile thábhachtach ná an obair is féidir a dhéanamh agus a chur chun cinn trí na healaíona i dtaca le páistí le sainriachtanais, sainriachtanais foghlama. Bhí, is tá go fóill deiseanna ann fosta a bhaineann le cur chuige sa scoil iomlán i leith sainriachtanais foghlama, cur chuige a chuirfeadh san áireamh an t-atmaisféar agus an t-éiteas ar leith a ghabhann leis na healaíona.

 'Inspiration - Irish language arts as a supporting resource for curriculum delivery'

Report of the Conference, Sean Hollywood Centre, Newry, 13 May 2011

 POBAL began working on a strategy for the arts in 2009, something that grew out of its ongoing advocacy work, the arts being part of that work. We commissioned research and focused on a series of particular factors: funding and support; building audiences; skills and training. It seemed to us that there were many possibilities, particularly regarding the linking of arts and education. For example, there are undoubtedly possibilities as regards artists being able to develop their product, as regards audience development in schools, as regards extra skills, extra qualifications, all factors which could make it easier for Irish language artists to have a regular income. As well as that, we thought that the special requirements of the Irish language sector and the Irish medium sector had to be included, and that was one of the objectives of 'Inspreagadh - Inspiration'. The report of the event reflects the important discussion between educationalists and artists. Another important aspect is the work that could be done and promoted through the arts in relation to children with particular needs, special learning needs. There were, and still are opportunities also for a whole school approach to special needs that would take into account the unique atmosphere and ethos inspired by the arts.