An Lá Dearg: Lá stairiúil don Ghaeilge | Historic day for the Irish language

(English below)

Deirtear gurbh é an mórshiúl ar an Satharn, 21 Meitheamh, an “an agóid Ghaeilge is mó agus is suntasaí le glúin”. Bhí na mílte i láthair don lá stairiúil seo, ag iarraidh ar rialtas na Breataine Acht Gaeilge a chuir i bhfeidhm.

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh ón ardán:
“Tá tacaíocht ollmhór faighte againn inniu agus le blianta anuas don fheachtas chearta teanga ar son acht Gaeilge, ó phobal na Gaeilge iad féin agus ón mhórphobal trí chéile anseo. Bhí fhios againn go raibh lá mór agus rathúil romhainn ach níl amhras ar bith againn gurb é seo an agóid Ghaeilge is mó agus is suntasaí le glúin.”

Tá reachtaíocht Gaeilge gealta anois ó bhí Comhaontú Chill Rìmhinn ann i 2006, agus gealladh arís é leis an chomhaontú Ré Nua, Cuir Chuige Nua (NDNA) sa bhliain 2020. Gheall an tAire Stáit, Brandon Lewis, é arís anuraith chomh maith.

Dá réir an Irish News, tiocfaidh bille roimh Theach na dTeachtaí ar an Chéadaoin. Tá fáilte fhaichilleach curtha roimhe seo ag feachtasóirí Gaeilge.

Dúirt Pól Deeds, Príomfheidheannach An Droichead:
“Bhí Lá Dearg 2022 ina ócáid stairiúil gan amhras. Ní raibh a mhacasamhail sa chathair seo le blianta fada. Chonaic muid réabhlóid cultúir faoi bhláth ar shráideanna an bhaile agus é á thiomáint don chuid is mó ag an aos óg. Bhí sé ina spreagadh ollmhór dúinn ar fad atá ag obair in earnáil na Gaeilge leis an teanga a chur chun cinn. Agus bhí sé ina rabhadh soiléir dóibh siúd atá in éadan na teanga: níl muid ag dul áit ar bith agus tá ré na leithscéalta thart.”

Bhí An Droichead lárnach ins an lá, le scaifte mór i láthair ar an lá ón scoil, ón Chumann Óige, agus ón phobal áitiúil i nDeisceart Bhéal Feirste. Tháinig thart ar 200 duine díreach ón Mhaidin Dearg a bhí eagraithe ag An Droichead ar an mhaidin chéanna. Buíochas le Scoil an Droichead as an láthair a fháil réidh dúinn don mhaidin.

Bhí seo le rá ag Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha ag An Droichead:

“Tógail chroí a bhí i Lá Dearg 2022 agus an oiread Gaeilgeoirí a fheiceáil ar shráideanna Béal Feirste ag éileamh ceart dár bpobal.  Bhí an spriorad le mothú ag Maidin Dearg ag An Droichead roimh an imeacht mhór, áit ar bhailigh ár bpobal áitiúil féin i nDeisceart Bhéal Feirste le hullmhú don mhórshiúil. Thug urlabhraí Chumann Óige An Droichead, Eoghan Ó Garmaile, óráid sular líon muid na busanna le teaghlaigh Gaelphobal An Droichead agus thug muig aghaidh ar Bhóthar na bhFál le buaileadh leis na mílte Gaeil eile.”

Bhí páirt lárnach ag baill foirne, múinteoirí, agus oibrithe deonacha An Droichead in eagraíocht an Lae Dheirg fosta. Tugann an Droichead tacaíocht do An Dream Dearg agus an feachtas ar son Acht Gaeilge.


Saturday’s march was said to be “the biggest Irish language demonstration of a generation.” Thousands took to the streets of Belfast to call on the British government to implement an Irish Language Act.

This legislation was first promised in the 2006 St. Andrews Agreement, and reiterrated in the 2020 New Decade, New Approach deal. It was also promised by Secretary of State Brandon Lewis last year.

The Irish News reports today, that the Identity and Language (Northern Ireland) Bill will come before the House of Commons on Wednesday. This has been cautiously welcomed by campaigners.

Pól Deeds, Príomhfheidhmeannach at An Droichead said:
”An Lá Dearg 2022 was without doubt an historical occasion. An event of this scale has not been seen in Belfast for many years. We witnessed a cultural revolution blossoming on the streets of our city with young people for the most part in the driving seat. It was an inspiration for those of us in the Irish language sector who are working to promote and develop the language. And it was a clear warning to those who oppose us the language: we aren’t going anywhere and the time for excuses is over.”

Eoghan Ó Garmaile ag labhairt ag an Mhaidin Dearg ag An Droichead.

An Droichead were central in the day, with members of the Cumann Óige, Scoil an Droichid students, and members of our Irish language community here in South Belfast taking part. Around 200 people attended our Maidin Dearg at An Droichead the morning of the march.

Our members of staff, teachers, and volunteers also played a central role in the organisation and promotion of the Lá Dearg. An Droichead strongly supports An Dream Dearg and the campaign for an Irish Language Act.

Laochra Mac Iomaire, oibrí óige ag An Droichead agus feachtasóir Gaeilge. Buíochas le An Dream Dearg agus Bayview Media.

Previous
Previous

Lá Teaghlaigh le ceiliúradh 30 bliain de An Droichead | Family Day to celebrate 30 years of An Droichead

Next
Next

Suirbhé Gnó seolta ag An Droichead | An Droichead Business Survey Launched