Clár Samhraidh ráthúil in An Droichead | Successful Summer Programme in An Droichead

(English below)

D’fhreastail go leor foghlaimeoirí Gaeilge ar chlár cúrsaí agus ranganna in An Droichead a thit amach thar Mhí Iúil agus Mí Lúnasa.

Idir seimineáir, dianchúrsaí, ranganna, agus níos mó, bhí an uile shórt ag gabháil ar aghaidh d’fhoghlaimeoirí in An Droichead. Tháinig na scórtha go Deisceart Bhéal Feirste le feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge, agus scórtha eile ag freastail ar líne chomh maith.

Thosaigh an clár cúrsaí seo le cúrsa seachtaine bunleibhéal ar 18 Iúil, agus críochnaíodh le cúrsa lae do thuistí ar 20 Lúnasa. Bhí ciorcal comhrá ann chomh maith d’foghlaimeoirí úra, dianchúrsaí dóibh siúd atá ag iarraidh snas a chuir ar a gcuid Gaeilge, agus seimineáir ar ábhair ar léith.

Am lóin ag an chúrsa tuistí

Large numbers of Irish learners attended courses and classes in An Droichead as part of our Clár Samhraidh this July and August.

A wide range of events took place as part of the programme over the late summer. From seminars to intensive courses, classes and more, there was plenty happening in An Droichead for learners of all levels. Scores came to South Belfast to improve their Irish, with dozens more attending online.

This programme began on the 18th of July with a week long beginner course, and finished on the 20th August with a day-course for parents. Other events took place over the period, including a ciorcal comhrá for beginners, dianchúrsaí for those looking to polish their Irish, and seminars on particular topics.

An dianchúrsa faoi lán seoil

Bíonn sé i gcónaí deas fáilte a chuir roimh fhoghlaimeoirí Gaeilge anseo, go háirithe i ndiaidh cúpla bliain gan daoine ag teacht isteach sa lárionad. Bhí lúcháir orainn, chomh maith, fáilte a chuir roimh chuid denár gceoltóirí, a chuir ceol beo ar fáil do na foghlaimeorí.

Buíochas mór le Foras na Gaeilge, chomh maith, a thug maoiniú dúinn leis an chlár seo a chuir ar fáil.

Beidh clár mór ranganna agus cúrsaí don Fhomhair ag toiseacht arís i gceann cúpla seachtain. Le clárú, téigh go dtí androichead.com/gaeilge-courses.

It’s always a pleasure to welcome Irish learners here, especially after a few years of people not being able to attend classes in the lárionad. We were also delighted to welcome some of our regular musicians, who provided live music to our learners.

Many thanks, also, to Foras na Gaeilge, who funded the running of this programme.

We have an extensive programme of classes and courses this Autumn, starting in a few weeks. To register, go to androichead.com/gaeilge-courses.

Previous
Previous

An Droichead ag earcú Oifigeach Tionscadail Óige le ‘Deisceart Bhéal Feirste a thabhairt le chéile’ | An Droichead recruiting Youth Project Officer to ‘Unite South Belfast’

Next
Next

Lá Teaghlaigh le ceiliúradh 30 bliain de An Droichead | Family Day to celebrate 30 years of An Droichead