Mórdhinnéar mar bhuachphointe de dheireadh seachtaine ollmhór imeachtaí | Gala Dinner the highlight of a weekend full of events to remember

Ardmhéara Tina Black, Príomhaire Ainmnithe Michelle O’Neill, agus Príomhfheidhmneach An Droichead Pól Deeds (Pic: Daniel Greenan, BMG)

Bhí Céad-Aire Ainmnithe Michelle O’Neill, i measc na n-aíonna ag Mórdhinnéar Sheachtain na Gaeilge de chuid An Droichead i Halla na Cathrach ar an Satharn 4 Márta. Bhí an dinnéar mar chuid de dheireadh seachtaine lán-imeachtaí ins an chathair, agus bhí An Droichead i lár an aonaigh le cuid de na himeachtaí ba tharraingtigh.

Bhí an Mórdhinnéar ann mar cheiliúradh ar 30 bliain de An Droichead mar eagraíocht. Bhí cainteanna ann ar an oíche ó Michelle O’Neill, Pól Deeds, Príomhfheidhmneach An Droichead, Tara Gibney, Bainisteoir Chúram Lae An Droichead, agus Ardmhéara Tina Black. Bhí scaifte de thuairim is 180 duine i láthair ar an oíche don imeacht speisialta seo.

First Minister Designate Michelle O’Neill was among the guests at An Droichead’s Seachtain na Gaeilge Gala Dinner in Belfast City Hall on Saturday night. The dinner was part of a weekend full of events in the city, with An Droichead were centrally involved providing some of the most memorable events.

The Gala Dinner marked the celebration of 30 years of An Droichead. Speakers on the night included First Minister Designate Michelle O’Neill, An Droichead CEO Pól Deeds, Manager of An Droichead’s Daycare Services Tara Gibney, and Lord-Mayor Tina Black. There was a crowd of over180 people in attendance on the night for this very special event.

(Pic: Daniel Greenan, BMG)

Ba mhaith leis An Droichead buíochas a ghabháil leis na hurraitheoirí uilig a thacaigh leis an oíche. Téann an t-airgead a baillíodh ar an oíche i dtreo Sparánacht An Droichead, rud a chuidíonn le daoine fásta oideachas tríú leibhéal a fháil sa Ghaeilge.

Deireadh seachtaine mór a bhí ann do Chumann Siúlóide An Droichead chomh maith. D’eagraigh siadsan an chéad Camino Bhéal Feirste, a chuaigh thart ar an chathair, trasna Sliabh Dubh agus thar Beann Mhadagáin. D’éirigh go hiontach maith leis an siúlóid, a thit amach thar dhá lá, rud a bheas ann go bliantúil amach anseo.

An Droichead would like to give a special thanks to all the sponsors who supported the night. The money raised on the night goes towards the An Droichead Scholarship, which helps adults pursue a third level education through Irish.

It was also a special weekend for Cumann Siúlóide An Droichead. They organised the very first Camino Bhéal Feirste, which crossed over Black Mountain, and under Cavehill. The walk, which took place over two days, was a great success, and will now become an annual event.

Lucht an Camino ag bun Bheann Mhadagáin

Imeacht mhór eile a bhí ann ag an deireadh seachtaine ná Tionól Píobaireachta Bhéal Feirste, a bhí eagraithe ag Belfast Trad in éineacht le An Droichead, agus le tacaíocht ó Na Píobairí Uileann. Bhí scoith na gceoltóirí i láthair do cheachtanna, ranganna agus ceol álainn.

Another significant event that took place over the weekend was the Belfast Piping Tionól, which was organised by Belfast Trad, alongside An Droichead, with support from NPU. Some of the top pipers in the country were in attendance, giving talks, lessons and performing top-class music.

Tom Clarke (Belfast Trad), Cormac “Buzz” Ó Briain agus Claire Kieran (Comharchumann Píobaireachta Bhéal Feirste/An Droichead) agus Fiona Ní Mhearáin (Belfast Trad) (Pic: Belfast Media Group)

Previous
Previous

Cartlann POBAL le bheith seolta ag Cnoc an Anfa | POBAL archive to be launched at Stormont

Next
Next

Páirtíocht idir An Droichead agus Scéim Chónaithe OnaB ag neartú | Partnership between An Droichead and QUB Residential Scheme continues to grow