Sparánachtaí An Droichead do chúrsaí Dioplóma sa Ghaeilge, Ollscoil Uladh 2021-22

An Droichead announce Diploma Bursary Scheme for Inner South Belfast

Mar chuid de Chlár Infhostaíocht Chomhpairtíochta atá fógraithe ag Bord Pairtíochta Dheisceart Bhéal Feirste, tá muid ag ofráil sparánacht don Dioplóma sa Ghaeilge. Tá fáilte roimh iarratais anois do dhaoine atá ag déanamh staidear ar an dioplóma ins an bhliain acadúil 2021/22. Is é an dáta deiridh d’iarratais ná 22/03/22 ag 5.00in. Amharc thíos don chritéir.

As part of the South Belfast’s Neighbourhood Partnership Employability Programme, we are offering a bursary for Diploma in Irish.  Application process is now open for individuals currently studying the Diploma in the academic year 2021/22.  Closing date for applications is 22/03/22 @ 5.00pm. See criteria attached.


Bronnfar sparánacht, ar luach £3,000, ar mhic léinn atá ag déanamh dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh faoi láthair. Is féidir iarratas a dhéanamh ar sparánacht ach litir a chur chuig An Droichead roimh 22 Márta 2022 ag míniú cén fáth ar chóir duit an sparánacht a fháil. Ní mór d’iarratasóirí aird a bheith acu ar na critéir riachtanacha agus inmhianaithe agus eolas a thabhairt dá réir sin ina litir iarratais.

RIACHTANACH

Ní bhronnfar sparánacht ar aon duine nach gcomhlíonfaidh an critéar riachtanach seo a leanas faoi dháta deiridh na n-iarratas (22 Márta 2022):

 1.                  Iarratasóirí a bhfuil ina gcónaitheoirí i nDeisceart Bhéal Feirste Ionchathrach.

 

INMHIANAITHE

Nuair atá gach iarratas faighte, cuirfear tús le próiseas roghnaithe bunaithe ar na critéir thíos.

 1.                  Iarratasóirí a léiríonn ardchaighdeán oibre, agus iad siúd a léiríonn cruthaitheacht nó nuálaíocht ina gcur chuige.

2.                  Iarratasóirí a mhíníonn an dóigh a gcuirfidh an sparánacht lena gcumas chun cur le saol na Gaeilge go hacadúil nó insa phobal go ginearálta.

3.                  Iarratasóirí atá ag cur chun cinn na Gaeilge taobh amuigh den ollscoil. Tabharfar creidmheas breise d’iarratasóir ar bith atá nó a bheas ag cur chun cinn na Gaeilge i ndeisceart nó in oirthear Bhéal Feirste.

4.                  Iarratasóirí atá ag obair i nDeisceart Bhéal Feirste Ionchathrach.

Ní mór litreacha iarratais a sheoladh ar ríomhphost roimh 22 Márta 2022 chuig An Droichead: eolas@androichead.com

An Droichead
20 Sráid Cooke,,
Béal Feirste.
BT7 2EP

Teil. 028 9028 8818

Previous
Previous

Duais an Oideachais ó Ghlór na nGael bronnta ar An Droichead | An Droichead take Education prize at Glór na nGael awards

Next
Next

Ag ceiliúradh 10 mbliana de Chiste Infheistíochta Gaeilge