Sparánachtaí An Droichead-Ollscoil Uladh Fógartha | An Droichead-Ulster University Irish Scholarships Announced

(*Béarla thíos faoi seo - English below)

Tá An Droichead, an eagraíocht Ghaeilge agus chultúrtha do Dheisceart agus Oirthear Bhéal Feirste, agus Ollscoil Uladh i ndiaidh teacht le chéile arís chun cuidiú luachmhar a chur ar fáil arís do mhic léinn atá ag iarraidh leanúint ar aghaidh lena n-aistear leis an Ghaeilge agus cáilíocht fhoirmiúil 3ú leibhéal a bhaint amach. 

Bronnfar sparánachtaí aon bhliana ar luachanna éagsúla (uasmhéid £750) ar mhic léinn atá nó a bheas ag freastal ar chúrsaí Gaeilge de chuid Ollscoil Uladh.

Go príomha, cuirtear an sparánacht seo ar fáil chun tacú le mic léinn a) a bhfuil an cuidiú airgeadais seo de dhíth orthu agus b) atá nó a bheas bainte le saol na Gaeilge ag An Droichead.

Dúirt Príomhfheidhmeannach An Droichead, Pól Deeds: “Is é aidhm An Droichead suim daoine a thógáil sa Ghaeilge, agus iad a chur ag foghlaim agus ag úsáid na teanga. Tá an chomhpháirtíocht le hOllscoil Uladh ar cheann de na bealaí tábhachtacha ar féidir linn na trí cinn a dhéanamh. Go speisialta, ba mhaith linn a thaispeáint do na scoláirí inár gcuid ranganna agus inár bpobal go bhfuil conair shoiléir ann chun inniúlacht aitheanta a bhaint amach sa Ghaeilge. San am céanna, ba mhaith linn níos mó deiseanna a chur ar fáil do mhic léinn 3ú leibhéal páirt iomlán a ghlacadh i ngluaiseacht na Gaeilge agus i saol sóisialta na Gaeilge, mar a chuirimid ar fáil trínár gcláir chultúrtha.” 

Dúirt Oifigeach Forbartha Gaeilge An Droichead, Fionnuala Nic Thom, “Ba mhaith linn dul i dteagmháil leo siúd a bhfuil an t-airgead breise de dhíth orthu, agus chomh maith leis sin, teacht ar dhaoine a choinneoidh orthu ag tógáil phobal na Gaeilge sa chuid seo de Bhéal Feirste. I measc na seirbhísí tacaíochta a chuireann An Droichead ar fáil, tá an scéim bhallraíochta a sholáthraíonn lascaine 50% ar ár gcuid gníomhaíochtaí go léir – tá lúcháir orainn a bheith in ann cuidiú díreach airgeadais a thabhairt le haistear leanúnach na mac léinn Gaeilge a éascú. Beidh cuid de na daoine seo i ndiaidh fás aníos, cheana féin, in An Droichead, sa bhunscoil agus inár gcuid seirbhísí óige.” 

Ag labhairt dó ar athbheochan na scoláireachta, dúirt an Dr Gearóid Ó Domagáin, léachtóir le Gaeilge agus an Stiúrthóir ar na cúrsaí Dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh: “Léiríonn an tionscnamh comhpháirtíochta seo idir Ollscoil Uladh agus An Droichead an tiomantas atá againn don teagmháil leis an phobal agus muid ag leathnú réimse na teagmhála sin leis na deiseanna breise seo do mhic léinn dul i dtreo cúrsaí tríú leibhéal. Léiríonn sí, chomh maith, an obair iontach atá déanta ag An Droichead sa réimse seo, ag cothú foghlaimeoirí teanga ar fud Bhéal Feirste agus ag cur áiseanna agus deiseanna gnóthachúla ar fáil ar an leibhéal is airde. Tá difríocht ábhartha déanta ag an scoláireacht seo ó bunaíodh in 2016 í, ag soláthar tacaíocht airgid do mhic léinn san am seo a bhfuil géarghá léi.” 

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an sparánacht roimh 8 Meán Fómhair 2023 trí fhoirm ar line  atá ar fáil ag an nasc seo thíos:

https://forms.office.com/e/LmanU1fX3R

An Droichead, the Irish language and cultural organisation for South and East Belfast, and Ulster University have teamed up once again to provide valuable assistance to students seeking to continue their journey with the Irish language through a formal 3rd level qualification. 

One-year bursaries of various values ​​(maximum £750) will be awarded to students who are or will be attending one Ulster University's Irish language courses.

Primarily, this bursary is provided to support students a) who need this financial help and b) who are or will be involved in the Irish language life at An Droichead.

An Droichead CEO, Pól Deeds, said: “An Droichead is all about getting people interested in Irish, learning Irish and using Irish. Our partnership with Ulster University is one of the important ways that we can do all three. In particular, we want to show students in our classes and in our community that there is a clear path to recognised proficiency in Irish. At the same time, we want to provide more opportunities for 3rd level students to fully take part in the Irish language movement and in an Irish language social life as provided through our cultural programmes.” 

An Droichead Irish Language Development Officer, Fionnuala Nic Thom, said, “We want to reach those who need the extra cash and also to find people who will stay involved in building an Irish language community in this part of Belfast. Among the suite of support services that An Droichead offers – which includes a membership scheme that provides 50% discount on all of our activities – we are delighted to be able to make a direct financial contribution that will help with the continuing journey of Irish language students. Some of these will have already grown up through An Droichead in the primary school and our youth services.” 

Commenting on the scholarship, Dr Gearóid Ó Domagáin, a lecturer in Irish and Course Director for Ulster University's Diploma programmes, said: “This partnership initiative between Ulster University and An Droichead epitomises our commitment to community engagement and widening participation, supporting the study of Irish language, and enhancing the opportunities for students to avail of third level courses. It also reflects the outstanding contribution of An Droichead to this area, fostering language learners across Belfast and providing facilities and opportunities for achievement at the highest level. The scholarship has made a material difference since its inception in 2016 providing financial assistance at a time when it is greatly needed.” 

The bursary can be applied for before 8th September 2023 via an online form available at the following link:

https://forms.office.com/e/LmanU1fX3R

Previous
Previous

Gradam Gnó bronnta ar Chúram Lae An Droichead | An Droichead receive Gradam Gnó

Next
Next

“Éacht iontach déanta agus a dhéanamh” ag eagraíochtaí Gaeilge Bhéal Feirste agus iad mar “eiseamláir” don tír ar fad dá réir an Chomhchoiste Gaeilge