“Éacht iontach déanta agus a dhéanamh” ag eagraíochtaí Gaeilge Bhéal Feirste agus iad mar “eiseamláir” don tír ar fad dá réir an Chomhchoiste Gaeilge

Fionnuala Nic Thom agus Claire Thompson ó An Droichead ag foilsiú na tuairisce (Pic ó Thomas McMullan, Belfast Media Group)

(English below)
D’fhoilsigh Comhchoiste na Gaeilge tuairisc an tseachtain seo ar a gcuairt ar eagraíochtaí Gaeilge i mBéal Feirste ag deireadh na bliana seo chaite.

Seoladh “Earnáil na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste - Eiseamláir ar Leith” i gCultúrlann McAdam Ó Fiach ar an Luan 3 Iúil. Déanann sé cur síos ar na heagraíochtaí agus na hionaid Ghaeilge ar fud na cathrach agus an obair a dhéanann siad dá bpobail féin agus do Ghaeilgeoirí na cathrach.

Deir an tuairisc go bhfuil súil ag an Chomhchoiste go bhfeidhmneoidh Béal Feirste “mar eiseamláir agus go mbainfear úsáid as an chur chuige ceánna i ngach baile agus cathair mhór eile a fud an oileáin”

Déanann an tuairisc cur síos chomh maith ar an obair a dhéanann An Droichead, agus luann sé an eagraíocht mar “cheann de na fostóirí Gaeilge pobalbhunaithe is mó sa tír”.

Deir Fionnuala Nic Thom, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag An Droichead:

“Tá sé go hiontach an t-aitheantas oifigiúil seo a fháil don obair atá ag dul ar aghaidh anseo i mBéal Feirste le fada. Cuireann muid fáilte roimh an tuairisc, agus beidh muid uilig ag coinneáil súil ghéar ar cad é a thiocfaidh amach as amach anseo.”

Ins an tuairisc, tugann an Comhchoiste roinnt moltaí, bunaithe ar an mhéid atá feicthe acu i mBéal Feirste. Ina measc, molann an Comhchoiste go gcuirfidh Ollscoil na Banríona beartas i bhfeidhm don chomharthaíocht dhátheangach ar fud na hollscoile agus go ndéanfar tuilleadh forbartha ar an Scéim Cónaithe.

Tá cóip den tuarisic ar fáil anseo.


The Oireachtas Committee on Irish language, Gaeltacht and Irish-speaking Communities published a report last week on their visit to Belfast, which took place late last year.

”Earnáil na Gaeilge i gCathair Bhéal Feirste - Eiseamláir ar Leith” was launched in Cultúrlann McAdam Ó Fiach on Monday 3 July. The report describes the Irish language organisations and centres across the city, and the work they do for their own communities and for Irish speakers across the city.

The report says that the Committee hopes that Belfast will act as an “exemplar and that the same approach would be used in every large town and city across the island.”

The report also describes the work being done by An Droichead, and it names the organisation as “one of the largest Irish-language community-led employers in the country”.

Fionnuala Nic Thom, Irish-langauge Development Officer in An Droichead, said this:

“It’s great to get this official recognition for the work that is being undertaken here in Belfast for some time now. We welcome the report, and we will all be keeping a close eye on what is to come from it in the future.”

In the report, the Committee lays down a number of recommendations, based on what they saw in Belfast. Amongst the recommendations, the Committee recommends that Queen’s University puts in place a policy for bilingual signage across the campus and that the Residential Scheme is further developed.


Previous
Previous

Sparánachtaí An Droichead-Ollscoil Uladh Fógartha | An Droichead-Ulster University Irish Scholarships Announced

Next
Next

Cuireann An Droichead fáilte roimh dhea-scéala fá na ciorruithe maoinithe san earnáil chúram leanaí | An Droichead welcomes good news re funding cuts in the childcare sector